Cosán nascleanúna

An ailse san Eoraip - leanann an cath - 04/02/2010

Tá an eolaíocht is an t-eolas ag lár fheachtas an AE chun rátaí ailse a ísliú.

Gach bliain tagann ailse ar 3.2 milliún Eorpach - an chúis bháis is coitianta d'éis an ghalair chroí. Ar na cinn is coitianta tá ailsí scamhóg, cíche agus drólainne.

Tá straitéis chun rátaí báis a ísliú ag formhór na dtíortha san AE - beidh cuid mhaith di i bhfeachtais eolais lá domhanda na hailse an 4 Feabhra.

Tá i gceist ag an AE rátaí ailse a ghearradh 15% faoi 2020 is tá sé ag tabhairt faoin aisle ar dhá éadan - tacú le nósanna maireachtála folláine agus taighde faoin ailse a mhaoiniú.

Sa chód Eorpach i gcoinne na hailse българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska tá 11 leid phraiticiúil, bunaithe ar an eolaíocht, a chabhraíonn le daoine fanacht sláintiúil agus a laghdaíonn an baol go dtiocfadh aon chineál ailse orthu. Ina measc tá aclaíocht fhisiciúil, bhríomhar gach lá is gan ach deoch alcólach amháin (mná) nó dhá cheann (fir) sa ló a ól.

Tá grupaí eolaithe, dochtúirí is othar ag obair i gcomhar leis an gComhpháirtíocht Eorpach i gcoinne na hailse English (en) . Cabhraíonn maoiniú ón AE leo chun eolas, trealamh agus taithí a mhalartú.

Tá céimeanna ollmhóra glactha ag eolaithe chun plé le hailse, ach fós tá an iliomad daoine a chailleann a gcath leis an ngalar, rud a aibhsíonn an gá le breis taighde. Idir 2002 agus 2006, chuir an AE €480m isteach sa taighde faoin ailse, agus mhaoinigh 108 tionscadal ar leith. In 2007-13, is airde fós a bheidh an figiúr.

D'fhorbair foireann amháin AE-mhaoinithe bithbhraiteoir English atá in ann teacht ar chealla a shochtann fás siadaí go gníomhach. Chabhródh sé sin le fulangaithe ailse an galar a throid trína gcóras imdhíonachta féin.

Tá tionscadail eile taighde ag iniúchadh chúiseanna na hailse. Tá ceann amháin ag imscrúdú thionchar an truaillithe aeir English ar an tsláinte fhadtéarmach.

Breis faoi ailse san AE English (en)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links