Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Comórtais do shaothair ealaíne a ardaíonn cearta an linbh, tionscnaíocht sa ghnó agus an AE. Beidh duaiseanna agus poiblíocht do na hiarrachtaí is fearr.
Samhlaigh dá mbeadh do shaothar ar taispeáint ar fud na hEorpa? Is amhlaidh a bheidh go luath don duine a bhuafaidh an comórtas póstaeir i gcomhair Lá na hEorpa ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
ar na reáchtáil ag an gcoimisiún.
Roghnaíodh 'Is breá liom an Eoraip' mar théama don chomórtas. Chuir 1 700 duine ó gach cearn den AE isteach ar an gcomórtas agus iad ag tnúth leis an gcéad duais a bhuachan - is é sin €2 000 (agus roinnt poiblíochta ar ndóigh). Tá na 10 bpóstaer is fearr roghnaithe cheana ag coiste saineolaithe ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
agus fútsa atá sé anois an ceann is fearr leatsa a roghnú agus vóta a chaitheamh ar líne.
Murar thapaigh tú an deis seo, nó más fearr leat bheith ag obair i bhfoireann, ba chóir duit páirt a ghlacadh sa chomórtas Tarraing ceart dom ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
. Fiche bliain i ndiaidh Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an linbh
, ar coinbhinsiún é a chaomhnaíonn leas leanaí ar fud an domhain, déantar an coinbhinsiún sin a cheiliúradh leis an gcomórtas seo. Más spéis leat páirt a ghlacadh, déan póstaer le do chairde bunaithe ar cheart a chaomhnaítear sa chonradh. Beidh deis ag na buaiteoirí cuairt a thabhairt ar an mBruiséil agus freastalóidh siad ar shearmanas bronnta ina dtabharfar aitheantas dá gcuid oibre.
An euro: cén bhaint atá aige linne? ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
Tugann an comórtas seo deis eile duit bheith ag obair le do chairde. Sa chás seo, ní mór grianghraf a ghlacadh ina léirítear bhur dtuairimí i dtaobh an Euro agus cúpla focal a chur leis.
'Fís Eorpach'
Comórtas is ea seo d'ealaíontóirí closamhairc, is cuma cén aois iad nó cén taithí atá acu. Bain úsáid as leabharlann dhigiteach an choimisiúin chun físeán gearr samhlaíoch a chruthú a thaitneodh le gach cineál duine, idir óg agus aosta. Tá fíordhúshlán roimh na hiomaitheoirí ach is fiú €10 000 an duais!
Ar deireadh, má tá ciall mhaith do ghnóthaí agat ba chóir duit cur isteach ar an Duais Fiontraíochta Eorpach d'Fhíseán ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
. Bain úsáid as do chuid samhlaíochta agus déan scannán le míniú conas gnó a chur ar bun agus le daoine a spreagadh chun é a dhéanamh.
Ar aghaidh libh i mbun oibre a ealaíontóirí. Go n-éirí libh!