Cosán nascleanúna

Cé chomh sábháilte is atá do shoilse Nollag? - 24/12/2009

Crann Nollag soilsithe © Reporters

Tá sé léirithe i dtástálacha de chuid an AE go bhfuil baol tromchúiseach turrainge agus dóiteáin ag baint le chuid mhaith soilse. Bí sábháilte - múch iad agus tú ag dul a chodladh nó ag fágáil an tí.

Léirigh ceann amháin as gach trí fhoireann de shoilse Nollag a tástáladh i suirbhé margaidh a rinneadh faoi stiúir an Choimisiúin baol díreach de dhóiteán nó de thurraing leictreach.

Rinneadh tástálacha sa Ghearmáin, san Ungáir, an Ísiltír, sa tSlóivéin agus sa tSlóvaic ar bheagnach 200 foireann de shoilse i ngach catagóir praghais.

Seiceáladh na samplaí i gcoinne breis is 20 riachtanais, agus theip ar go leor díobh i níos mó ná tástáil amháin.

Tháinig an Coimisiún ar shreangú tanaí, daingniú corda a bhí lag agus insliú de dhrochchaighdeán i gcuid mhaith soilse. Is sa tSín a monaraíodh beagán níos mó ná 40% de na samplaí.

Fionnadh go raibh 96% de na soilse san Ungáir guaiseach. Theip ar 56% san Ísiltír caighdeáin shábháilteachta an AE a bhaint amach. Cé nár ghlac ach cúig thír páirt sa suirbhé, is dócha go bhfuil na soilse céanna á ndíol ar fud an AE.

Dúirt Coimisinéir na dtomhaltóirí, Meglena Kuneva gur rabhadh a bhí sna fionnachtana.

D'áitigh sí ar Bhallstáit an AE obair níos fearr a dhéanamh ó thaobh na caighdeáin shábhailteachta a chur i bhfeidhm agus dúirt sí gur chóir do lucht an tionscail - déantúsóirí, miondíoltóirí, dáileoirí agus allmhaireoirí - dlús a chur leis na seiceálacha a dhéanann siad freisin. Maidir le tomhaltóirí, is a bheith ar an airdeall a leag sí an bhéim, agus thug sí an chomhairle seo a leanas:

  • ceannaigh soilse Nollag ó dhíoltóirí iontaofa
  • ná fág soilse Nollag lasta riamh mura bhfuil tú sa teach nó ma tá tú sa leaba.
  • má mheasann tú go bhfuil fadhb le do shoilse, ná húsáid iad agus tabhair ar ais go dtí an siopa iad.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links