Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
Tar éis idirbheartaíocht ó Bangkok go Barcelona, cá seasann an AE?
Brúfaidh an AE do chomhaontú uaillmhianach ag an gcomhdháil NA faoi athrú na haeráide i gCóbanhávan, d'fhonn an téamh domhanda a chosc ó leibhéil thubaisteacha a shroicheadh.
Ag a gcruinniú i mí na Samhna, d'aontaigh na ceannairí Eorpacha ranníocaíocht a dhéanamh le ciste chun cabhrú le tíortha forbraíochta le dul i ngleic le hathrú na haeráide ach níor gheall siad figiúr beacht.
Áfach, deir an t-Uachtarán Barroso go bhfuil an AE réidh a "chion cothrom" den bhille a íoc, a mheastar a shroichfidh $100bn in aghaidh na bliana faoi 2020. Chun gníomh a thosú go tapa, molann an Coimisiún ranníocaíocht AE de €5-7bn in aghaidh na bliana go dtí 2012.
Beidh ceannairí domhanda ag teacht le chéile i gCóbanhávan i mí na Nollag chun comharba do phrótacal Kiótó a thuargaint, lenar ghlac na tíortha forbartha i 1997. Tiomnaíonn sé na tíortha do laghdú 5% in astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990.
Tá roinnt mhaith babhta idirbheartaíochta tar éis tarlú sa tréimhse roimh an gcruinniú, lena n-áirítear in Bonn, in Bangkok agus in Barcelona. Agus truaillitheoirí móra ar nós na Síne agus SAM ag geallúint iarrachtaí anois freisin, ceapann an AE go bhfuil seans maith ann go mbeidh comhaontú tathagach i gCóbanhávan.
Tá gealltanas tugtha cheana féin ag an AE chun astaíochtaí a laghdú go 20% ar a laghad ar na leibhéil 1990 faoi 2020. Mhéadófaí é sin go 30% dá n-aontódh tíortha eile.
Ag bualadh le déanaí le ceannairí gnó, ghreasaigh an tUasal Barroso iad gan feitheamh le conradh nua. "Tig linn é a dhéanamh anois mar tá an t-athrú aeráide ag tarlú anois."
Cóbanhávan a idirbheartú - cion an AE
Idirbheartaíocht Chóbanhávan - Suíomh gréasáin uachtaránacht AE na Sualainne ![]()
![]()