Cosán nascleanúna

70% de shuímh chamscéim clingthoin arna gceartú nó arna ndúnadh d'éis imscrúdú AE - 17/11/2009

Lámh ina bhfuil fón póca os comhair scaileáin ríomhaire ©EC

D'imscrúdaigh na húdaráis 301 suíomh sheirbhís fóin phóca mar athleanúint ar chniogbheartaíocht AE ar chleachtais mhíthreoracha tomhaltoirí.

D'imscrúdaigh na húdaráis 301 suíomh sheirbhís fóin phóca mar athleanúint ar chniogbheartaíocht AE ar chleachtais mhíthreoracha tomhaltóirí.

Go dtí seo dúnadh 54 agus "glanadh" 159 eile – cuireadh iallach orthu cleachtais a sháraíonn dlí tomhaltóirí an AE a cheartú. Ghearr an Iodáil fíneál timpeall €2m ar naoi soláthróir inneachair agus oibritheoir fóin phóca mar thoradh ar an imscrúdú.

Bhí na suímh gréasáin ar 558 a iniúchadh le linn seachtaine i Meitheamh 2008 – oibríocht 29-tír a reáchtáil ballstáit an AE i dteannta na hIorua is na hÍoslainne. Díolann siad uile inneachar d'fhóin phóca, amhail clingthoin, cúlbhrait, lógónna, cluichí agus liostálacha do sheirbhísí comhrá.

Na céadta gearán faoi deara an sciurd, go minic ó thuismitheoirí a fuair bille mór fóin d'éis dá bpáistí liostáil i ngan fhios do chlingthon nó do sheribhís eile. Ar an óige a dhíríonn cuid mhaith de na suímh.

Seo an dara comhghníomh ó údaráis forfheidhmiúcháin ar fud na hEorpa. In 2007, chomhoibrigh 15 ballstát AE leis an Iorua in iniúchadh ar shuímh gréasáin a dhíolann ticéid aerlínte.

Dúirt Coimisinéir na dTomhaltóirí Meglena Kuneva go raibh a thuilleadh iniúchtaí ar na bacáin. "Taispeánann na torthaí sin go dtig le comhar forfheidhmiúcháin ar fud an AE difríocht ollmhór a dhéanamh chun margadh a ghlanadh do thomhaltóirí."

Tá margadh na seirbhísí fón póca ag fás, i ngeall ar fhairsinge an éilimh ar na fóin féin. In 2007 measadh ag €691m luach na ndíolachán clingthoin Eorpacha, agus ceannach tríd an Idirlíon san áireamh, ach gan é sin amháin.

Ag an Ostair, an Ungáir is ag an Rómáin a bhí formhór na suíomh a bhris rialacha tomhaltóirí - 21 an ceann. Bhí 20 an ceann ag an bhFrainc is ag an Liotuáin, agus 18, 17 is 16 faoi seach ag an mBeilg, an Iodáil is ag an Ísiltír.

I measc na gcuideachtaí a fíneáladh san Iodáil bhí Telecom Italia, Vodafone nó Fox Mobile agus Tutto gratis.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links