Cosán nascleanúna

Ná tabhair éisteacht na cluaise bodhaire - 28/09/2009

Seinnteoir pearsanta ceoil agus cluasáin ar mhála ©EC

Airde na fuaime le rialú ar sheinnteoirí MP3, iPod agus seinnteoirí pearsanta eile chun cosc a chur ar chaillteanas cloisteála.

Go luath amach anseo, beidh ar sheinnteoirí MP3 agus ar iPod a dhíolfar san AE réamhshocrú a bheith acu chun daoine a dhíspreagadh ó éisteacht leo agus an fhuaim ró ard.

Tá an AE ag dul siar ar a chaighdeáin sábháilteachta българскиčeštinaDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska maidir le seinnteoirí pearsanta ceoil toisc go bhfuil rabhadh tugtha ag coiste eolaíoch go bhféadfaí damáiste buan a dhéanamh don chloisteáil trína bheith ag éisteacht leis na gléasanna soghluaiste sin ar feadh achair fhada agus an fhuaim an-ard.

D'iarr an Coimisiún ar an gcoiste tuairim a thabhairt i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an tóir atá ar sheinnteoirí soghluaiste, fóin phóca san áireamh, i measc na n-óg go háirithe.

Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ngléasanna sin a dhíoltar le blianta beaga anuas. Úsáideann idir 50 agus 100 milliún duine iad gach lá san AE. Meastar go bhfuil suas le 10 milliún acu siúd i mbaol fadhbanna a bheith acu lena gcloisteáil nuair a bheidh siad níos sine.

Cad is "ró-ard" ann mar sin? Braitheann sé ar an méid ama a chaitheann tú ag éisteacht.

Go bunúsach, baineann dhá fhadhb le seinnteoirí pearsanta. Ar an gcéad dul síos, is minic a úsáideann daoine iad in áiteanna torannacha – ar an mbus mar shampla - agus bíonn orthu an fhuaim a ardú dá bharr sin. Ar ghléasanna áirithe, árdaítear an fhuaim go huathoibríoch fiú.

An fhadhb eile ná iad a úsáid ar feadh achair fhada. Is díobhálaí an fhuaim de réir mar a fhadaítear an méid ama a chaitear ag éisteacht leis.

I gcás an chuid is mó de sheinnteoirí pearsanta, baineann leibhéal na fuaime le raon ó 60 dBA (deicibeilí coigeartuithe) go 120 dBA. Dar leis na heolaithe, ní dócha go ndéanfaí díobháil don chloisteáil ag leibhéil faoi bhun 80 dBA – leibhéal atá inchurtha, go garbh, le béiceadh duine nó torann tráchta ar bhóthar in aice láimhe. Fiú ag 80 dBA, tá sé sábháilte éisteacht leo ar feadh suas le 40 uair an chloig in aghaidh na seachtaine. Ach ardaigh an fhuaim beagán, agus ardófar an baol as cuimse. Ag 89 dBA, moltar gan éisteacht leo ach ar feadh cúig uair an chloig in aghaidh na seachtaine.

Mar aon le réamhshocrú a fheistiú, beidh ar na seinnteoirí pearsanta rabhadh a thabhairt d'úsáideoirí maidir leis an mbaol a bhaineann leis na teorainneacha sábháilteachta a shárú. D'fhéadfadh lipéad nó rabhadh ar an scáileán a bheith i gceist leis sin - na monaróirí a bheidh freagrach as na mionsonraí teicniúla.

Faoi láthair, níl de cheangal ar mhonaróirí ach rabhadh a chur sa leabhar treoracha.

Seinnteoirí MP3 agus an chloisteáil DeutschEnglishespañolfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links