Cosán nascleanúna

Tagadh tine nó tréanuisce - freagairt an AE do thubaistí nádúrtha - 27/08/2009

Trodaí tine baineann agus tine foraoise á múchadh le píobán aici © EC

Pé uair a bhuaileann tubaistí nádúrtha na ballstáit, comhordaíonn an tAE cabhair is maoiníonn sé atógáil an bhonneagair riachtanaigh.

Agus a lán againn ag baint taitnimh as an samhradh, rinne tuilte is tinte foraoise tromluí den tsaoire do chuid mhaith daoine i lár na hEorpa is i réigiún na Meánmhara.

Ag deireadh an Mheithimh, thug síorbháisteach throm drochthuilte i slaodanna fairsinge sa Bhaváir, san Ostair, is i bPoblacht na Seice, an tSlóvaic, an Ungáir is sa Pholainn. Bhris an Danóib is a fo-aibhneacha uile a mbruacha.

San aon am, bhí an Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil is an Ghréig i ngleic le dúil an-éagsúil: tine. An tseachtain seo caite amháin, scrios 67 tine ar leith thart ar 21,200 heicteár sa Ghréig, ag loscadh beagnach dhá mhilliún crann is ar a laghad 150 teach.

A bhuí le cabhair chomhordaithe an AE, d'úsáid an Iodáil, an Fhrainc, an Spáinn is an Chipir eitleáin chomhraicthe dóiteáin i limistéar na hAithne. Tá dhá eitleán dá leithéid ag cúltaca oirbheartaíochta tinte foraoise an AE, atá bunaithe sa Chorsaic, is a úsáidtear chun tinte foraoise ar fud réigiún na Meánmhara a chomhrac.

Fairis sin, reáchtálann an tAE córas faisnéise Eorpach faoi thinte foraoise English, a thugann sonraí saitilíte nuashonraithe faoi thinte atá ar siúl, mionléarscáileanna de na limistéir ina bhfuil siad, agus réamhaisnéis sé lá chun go dtiocfaí go luath orthu.

Bíodh is nár iarr tíortha na dtuilte cabhair sheachtrach an samhradh seo, cuireadh báid, caidéil, gineadóirí agus trealamh éigeandála d'íonú uisce roimhe seo chuig limistéir a bhí i mbaol trí shás cosanta sibhialta English an AE.

Thairis sin tig le ciste dlúthpháirtíochta an AE българскиespañolčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska cabhrú chun an bille a íoc d'oibríochtaí éigeandála riachtanacha amhail bonneagar a atógáil, lóistín sealadach a chur ar fáil agus an oidhreacht chultúrtha a chosaint.

Breis eolais faoi chosaint shibhialta na hEorpa English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links