Cosán nascleanúna

Athrú aeráide - gníomhaigh is oiriúnaigh - 22/06/2009

Lógó na Seachtaine Glaise © EC

Meastar go músclóidh an "tSeachtain Ghlas" caint faoi cheisteanna comhshaoil idir 23 is 26 Meitheamh.

Tá an tAE ar thús cadhnaíochta sa troid i gcoinne athrú na haeráide. Tá faoi a chuid astaíochtaí a laghdú 20% ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 agus cion an fhuinnimh inathnuaite a mhéadú go 20% faoi 2020. Tá comhaontú nua idirnáisiúnta faoin aeráid chun teacht in ionad chomhaontú Kiótó ag comhdháil i gCóbanhávan i mí na Nollag.

Mar sin ní haon ionadh gur ar athrú na haeráide a dhíríonn naoú bliain seo na Seachtaine Glaise English, leis an mana “gníomhaigh is oiriúnaigh”. I measc na bpríomh-ábhar beidh na hionchais ar chomhaontú ag comhdháil Chóbanhávan, conas sochaí a bheidh saor ó charbón a chruthú faoi 2050 agus an geilleagar is an comhshaol a chosaint ar athrú na haeráide.

Beidh an Bhruiséil mar óstach ar an iliomad pléite is ceardlann ag comhdháil na seachtaine glaise, is beidh imeachtaí eile sa chathair ar oscailt don phobal. Ina measc sin beidh taispeántas faoi phleanáil uirbeach aislingeach English ón ailtire Luc Schuiten agus cur ar scáileán “Aois na dúire” English, scannán faoi athrú na haeráide.

Bronnfar duaiseanna LIFE do thionscadail chomhshaoil English an 24 Meitheamh. Sa rás tá córas Iodálach éicea-spréite a laghdaíonn suas le 95% úsáid na gceimiceán, na cumhachta is an uisce i dtionscal na súdaireachta agus tionscadal RA a thaispeáin slí níos sábháilte chun séarachas don athchúrsáil talún a chóireáil.

Is í an tSeachtain Ghlas an chomhdháil bhliantúil is mó faoi cheisteanna comhshaoil Eorpacha, is tugann sí le chéile ionadaithe ó na forais Eorpacha, ó dhomhan an ghnó, ó eagrais neamh-rialtais, ó údaráis phoiblí agus taighdeoirí.

Suíomh gréasáin na Seachtaine Glaise 2009 English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links