Cosán nascleanúna

Sa Chipir, sa Ghréig, sa Fhrainc is i Málta atá na tránna is glaine san Eoraip

Deascéala do na milliúin Eorpach atá ag triall ar an trá an samhradh seo. Tá tromlach mór na dtránna san Eoraip sách glan don snámh. Is ionann cás do na lochanna is na haibhneacha ina gceadaitear an snámh (nó ina gcuirtear suas leis).

Deir tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin faoi mhianach an uisce snámha gur shroich 96% na dtránna agus 92% na n-aibhneacha is na lochanna íoschaighdeáin an AE do ghlaine i 2008. Feabhas beag é sin ar 2007.

Ar an mórgóir, is sa Chipir (98.2%), sa Ghréig (97.7%), sa Fhrainc (96.3%) agus i Málta (94.3%) a fuarthas an t-uisce ba ghlaine. Bhí breis is 80% dá gcuid suíomhanna glan ag cúig thír: an Iodáil, an Fhionlainn, an tSualainn, an Phortaingéil is an Ghearmáin.

Seiceáladh breis is 21 400 limistéar i 2008, 75 sa bhreis ar an mbliain roimpi. Ar an gcósta a bhí dhá thrian acu agus ar feadh aibhneacha is lochanna a bhí an chuid eile.

Tástáltar an t-uisce do thruailleáin bhaictéireacha, cheimiceacha agus fhisiceacha. Leagann dlí an AE íoschaighdeáin síos do rialtais náisiúnta, agus critéir bhreise do thíortha ar mian leo dul níos sia, fiú. Chomhlíon beagnach 89% na dtránna is 70% na lochanna is na n-aibhneacha na caighdeáin is déine.

Is líonmhaire suíomhanna snámha na hIodáile ná a leithéidí ag aon tír eile san AE, agus leanann an Ghréig, an Fhrainc, an Spáinn is an Danmhairg í - san ord sin. Ag an nGearmáin is ag an bhFrainc atá formhór na suíomhanna intíre.

Más fút a bheith cinnte faoi ghlaine do cheann scríbe saoire, caith súil ar na tuarascálacha bliantúla English is ar na léirscáileanna idirghníomhacha English ar shuíomh uisce snámha an Choimisiúin.

Cé chomh glan is atá an ball snámha is fearr leat? English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links