Cosán nascleanúna

Moncaí le paicéad toitíní ©EC

Baineann na céadta feidhm as suíomh AE frith-thobac chun físeáin a phostáil faoi bhaol an tobac.

Cuid d'fheachtas nua an AE i gcoinne an tobac is ea na físeáin, a úsáideann greann chun teachtaireacht thromchúiseach a chur in iúl.

San fheachtas tá trí spota teilifíse atá le feiceáil anois ar thart ar 100 cainéal ar fud an AE. I gceann amháin, cabhraíonn moncaí méar-mhear le bean óg chun an nós a bhriseadh. I gceann eile, caitheann fear boilgeog phlaisteach thar a cheann ionas nach mbíonn ar dhaoine a dheatach a análú.

Tá na fógraí ar siúl le linn an Mheithimh is athuair i Meán Fómhair.

Ar nós YouTube, tugann an tAE cuireadh do dhaoine físeáin a uaslódáil a thaispeánann conas a bhris siad an nós. D'fhreagair na céadta agus tá a gcuid oibre le feiceáil ar shuíomh gréasáin an fheachtais English.

Fairis sin, tugann an suíomh comhairle faoi conas éirí as an tobac, deatach athláimhe a sheachaint nó diúltú don dáir chun tobac. Tig le caiteoirí tástáil a thógáil chun neart a n-andúile a léiriú.

Deineadh priomhsprioc an fheachtais d'aosaigh faoi bhun 35, d'éis do shuirbhé AE a léiriú gur i measc an aoisghrúpa seo atá na rátaí caite tobac ard agus gan titim. Os a choinne sin, is cosúil gur ag ísliú atá na rátaí i measc daoine is sine ná sin.

Is é an tobac an phríomhchúis bháis atá inseachanta san AE, is maraíonn sé 650 000 sa bhliain. Duine as gach triúr Eorpach - thart ar 170 milliún - a úsáideann an tobac. Ina n-óige a thosaíonn a bhformhór ag caitheamh.

Do shaol gan tobac English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links