Cosán nascleanúna

Faireachán fliú nua - 05/05/2009

Agus aghaidh fidil orthu, ráiníonn paisinéirí ó Mheicsiceo aerfort Mhaidrid © Reporters

Oibríonn an tAE go dlúth le chéile chun leathadh an víris A/H1N1 a chosc.

Agus líon na gcásanna fliú fós ag ardú ar fud an domhain, tharlódh go n-éireodh an víreas paindéimeach. Ach ní cosúil go dtabhfarfaidh sé mórchuid básanna.

Iarrann Coimisinéir na Sláinte Androulla Vassiliou ar dhaoine fanacht socair. Tá formhór na gcásanna fliú séimh, agus is maith a fhreagraíonn an víreas don leigheas. Tá stoic mhóra drugaí frith-fhliú ag an Eoraip.

Meascán de ghnéithe ó ainmhithe is ó dhaoine nach bhfacthas riamh cheana is ea an víreas A/H1N1. Bíodh is go dtugtar "fliú na muc" go minic air, ní hiad muca ná muiceoil a scaipeann é.

Dearbhaíodh breis cásanna den víreas san Eoraip, ach níl aon chomhartha go bhfuil an fliú ag scaipeadh go tapa anseo. Níor tharla aon bhás sna 12 thír Eorpacha ina bhfuil an galar go dtí seo.

Nuashonrú laethúil na gcásanna nua fliú Englishsvenska

Freagairt chomhbheartaithe ar an ráig den fhliú nua

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links