Cosán nascleanúna

Sladmhargadh do théacsálaithe fánaíochta - 22/04/2009

Beidh úsáid na bhfón póca níos saoire arís do na deicheanna milliún duine a thrasnaíonn teorainneacha an AE gach lá.

Vótáil an tAE go laghdófaí an táille gur féidir le cuideachtaí telecom a ghearradh ar ghlaonna ort nó uait ar d'fhón póca is tú i dtír eile - ar a dtugtar fánaíocht freisin. Tabharfar isteach a leithéid de theorainneacha do theachtaireachtaí téacs is do sheirbhísí sonraí, is ísleofar ansin sna trí bliana romhainn iad.

Díreach in am do laethanta saoire an tsamhraidh, is bua eile na hathruithe seo do thomhaltóirí na hEorpa, a íocann 60% níos lú ar chomhrá ar fhón póca is iad ag taisteal san AE - a bhuí leis na teorainneacha atá ar ghlaonna gutha faoi láthair.

Ó mhí Iúil, cosnóidh téacsáil thar lear uasmhéid 11 cent ort, níos lú ná leath an mheáin 29 cent atá ann faoi láthair (i bhfad níos mó ná mar a íocann téacsálaithe sa bhaile). Glacadh le téacs i dtír eile AE , fanfaidh sé saor in aisce.

Fairis sin, titfidh an t-uasphraghas ar ghlao ó fhón póca, ó 46 go 43 cent sa nóiméad. Titfidh an tsíleáil go 39 i Iúil 2010 agus go 35 cent i 2011 - coigilt iomlán 11 cent. Bainfidh úsáideoirí na bhfón póca tairbhe as táillí níos lú ar ghlaonna chucu is iad thar lear, leis. Titfidh an teorainn sin ó 22 go 11 cent sna trí bliana romhainn.

Tá gach praghas gan CBL.

Cuirfear teorainn le seirbhísí fánaíochta eile - amhail r-phost nó pictiúr a chur nó scimeáil ar an Idirlíon - ag an leibhéal mórdhíola. Is é sin, beidh na teorainneacha i bhfeidhm ar na rátaí a ghearrann oibreoir amháin ar oibreoir eile.

Tá faoi na rialacha nua deireadh a chur leis na droch-iontaí a bhuaileann custaiméirí fánaíochta sa bhille ar scimeáil Idirlín trí an bhfón póca. Beidh custaiméirí in ann cluaisín uasta míosúil (€50 mar réamhshocrú) a roghnú saor in aisce. Beidh ar sholáthróirí rabhadh a thabhairt do chustaiméirí go bhfuil siad gar don teorainn. I 2007 a chuir an tAE teorainn le glaonna trasteorainn ó fhóin phóca English ar dtús, nuair ba léir dó gur dhaoire faoi cheathair ná glaonna intíre iad is go raibh na praghsanna an-éagsúil ó thír go tír.

 

Sonraí fánaíochta agus teachtaireachtaí téacs san Eoraip English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links