Cosán nascleanúna

Sábháilteacht táirgí - ní leor leath ár ndíchill - 20/04/2009

Coinníonn AE tomhaltóirí sábháilte le córas biorda do tháirgí contúirteacha.

Tomhaltóirí sinn go léir. Gach uair a cheannaímid rud éigin i siopa nó a chuirimid ordú tríd an Idirlíon, cinntíonn reachtaíocht an AE go bhfuil na táirgí sábháilte agus gur tairgeadh faoi choinníollacha cothroma iad.

Chun sábháilteacht táirgí a chinntiú, reáchtálann an Coimisiún córas mear-bhiorda (RAPEX) English do gach táirge contúirteach seachas bia agus gairis mhíochaine is chógaisíochta. Má mheastar táirge a bheith contúirteach, cuireann RAPEX eolas timpeall go tapa chuig 30 tír rannpháirteach ionas gur féidir an dáileadh a stopadh nó a theorannú.

D'ardaigh líon na dtáirgí contúirteacha a tarraingíodh siar ón margadh 16% i 2008 le hais na bliana roimpi. B'ionann bréagáin, fearais aibhléiseacha agus mótarfheithiclí le chéile agus breis is leath na dtáirgí sin.

D'ardaigh céatadán na dtáirgí le hacmhainn contúirte a tháinig ón tSín ó 52% go 59% – mar thoradh ar mhéadú ar allmhairithe ón tSín, ar chomhar feabhsaithe AE-an tSín faoi shábháilteacht táirgí agus ar fheighil ardaithe sna tíortha AE maidir le táirgí Síneacha.

A chinntiú go leanfaidh tíortha an AE ag infheistiú i gcearta tomhaltóirí agus airgead gann i ngeall ar an ngéarchéim gheilleagrach - sin an dúshlán is mó do RAPEX i 2009.

Idir an dá linn, tá méadú ar líon na siopadóireachta ar líne. Idir 2006 is 2008, mhéadaigh líon na siopaeirí a cheannaigh rud amháin ar a laghad tríd an Idirlíon ó 27% go 33%. Ach de dheasca ceisteanna teanga, praiticiúla is muiníne, is ó chuideachtaí ina dtír féin a cheannaíonn a bhformhór fós. Níl ach 7% de thomhaltóirí ar líne a cheannaíonn ó chuideachtaí thar lear.

Chun na nithe sin ó aois an Idirlín a scrúdú, thionóil an Coimisiún cruinniú mullaigh tomhaltóirí English le déanaí chun díriú ar an muinín i leathan digiteach an mhargaidh. Ar an gclár bhí na hathruithe is gá chun trádáil thrasteorann a mhéadú: muinín na dtomhaltóirí in íoc is i seachadadh ar líne a mhéadú, plé le gearáin, ráthaíochtaí táirgí, ceisteanna príobháideachta agus tacaíocht iar-dhíola.

Breis faoi ghnóthaí tomhaltóirí българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links