Cosán nascleanúna

Is fearr an tsláinte ná na táinte - don óige, leis - 16/04/2009

"Bí folláin - bí ionat féin" - feachtas a mhisníonn an óige le héirí níos gníomhaí chun a sláinte a chosaint.

Is annamh gur mór ag an óige an tsláinte. Ach fós is óg a thosaíonn roinnt fadhbanna sláinte go minic - amhail an otracht, alcól, tobac nó drugaí.

Le linn na leanbhaoise is na hóige a shocraítear an stíl saoil. Má ghlactar le dea-nósanna go hóg, is folláine a bheidh an saol go ginearálta is beidh cosc go minic ar ghalair níos déanaí.

Chun é sin a aithint, seolfaidh an Coimisiún tionscnamh sláinte na n-óg English a ghríosfaidh daoine óga chun tabhairt faoi na nithe a théann i bhfeidhm orthu is chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí chun a sláinte a fheabhsú.

Tig le rannpháirtithe a dtaithí is a dtuairimí faoi chúrsaí sláinte a roinnt i mblag fianaise English . I measc na h-ábhar cainte tá spóirt scoile, gnéas agus oideachas bia agus ceisteanna áitiúla sláinte. Labhraíonn blagaire ón bPortaingéil faoin strus a bhaineann le post buan a fháil agus iarrann duine eile ón RA go bhfillfí ar spóirt thraidisiúnta ar scoil.

Tugann comórtas English cuireadh do dhaoine óga chun líníocht, póstaer, grianghraf nó físeán a chruthú faoi théamaí éagsúla ón otracht go seachaint na bpriacal laethúil.

Beidh cuireadh ag na blagairí is fearr is ag buaiteoirí an chomórtais a smaointe a chur i láthair ag comhdháil AE faoin óige is an tsláinte sa Bhruiséil an 9-10 Iúil. Beidh daoine óga ó gach cearn den Eoraip ann, i dteannta ionadaithe óige is gairmiúlaigh sláinte.

Stíl saoil nó mí-úsáid substaintí is cúis le formhór na bhfadhbanna sláinte a bhíonn ag an óige. Measann an lárionad Eorpach um fhaireachán ar dhrugaí gur ródháileoga drugaí faoi deara 4% na mbásanna i measc óige an AE. I roinnt tíortha is gaire do 10% an figiúr sin.

Nithe eile a chuireann as don tsláinte is ea bochtanas, rochtain mhíchothrom ar chúram sláinte agus coinníollacha maireachtála, staidéir is oibre na n-óg. Is mó de 50% an dóchúlacht go mbeidh tionóisc thromchúiseach san obair ag oibrithe óga seachas ag daoine a bhfuil aois 40+ acu.

Tá faoin AE tabhairt faoi na ceisteanna sin. Sheol sé feachtas frith-thobac българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska agus chuir sé bearta chun sláinte na n-óg a chosaint ina chuid beartas oideachais agus sábháilteachta san obair българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska .

Breis faoin AE agus sláinte na n-óg българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links