Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Duine as gach triúr Eorpach míshásta le cuideachtaí cumhachta is gáis.
Tá formhór na hEorpach míshásta le seirbhísí bus is traenach a gcathracha, is tá céatadán mór ag gearán faoina gcuideachtaí cumhachta is a mbainc, dar le suirbhé AE. D'fhéadfaí na seirbhísí gutháin líne shocair agus poist a fheabhsú freisin.
Aithníonn dara scórchlár bliantúil tomhaltóirí an AE
na trí réimse – fuinneamh, baincéireacht is iompar cathrach – is mó a chuireann as do thomhaltóirí.
Agus na torthaí á bhfógairt aici, léirigh coimisinéir na dtomhaltóirí Meglena Kuneva imní go bhfuil scór chomh híseal ag trí sheirbhís atá chomh lárnach i saol na ndaoine. D'fhógair sí pleananna chun na cuideachtaí cumhachta a iniúchadh, is cion ard na mbillí aibhléise i mbuiséad an teaghlaigh á lua aici.
Scag an Coimisiún na céadta táirge is seirbhís - ó bhia is éadach go seirbhísí idirlín - os comhair cúig eochair-tháscaire: praghas, gearáin, sástacht, sábháilteacha agus éascaíocht chun soláthróirí a mhalartú. Go ginearálta, is fearr a chruthaigh earraí ná seirbhísí.
Le hiompar sa chathair is timpeall uirthi a bhain formhór na ngearán. Ba lú ná leath a bhí sásta lena mbusanna, a dtraenacha ná a dtramanna. Bhí duine as ceathrar tar éis gearán faoin tseirbhís.
Tá praghsanna ar cheann de na príomhchúiseanna le scór íseal na soláthraithe aibhléise is gáis - is lú ná dhá thrian atá sásta lena soláthraí fuinnimh. Dúirt thart ar 60% gur ardaigh praghsanna, ach ní fhaca ach 3-4% praghsanna ag titim.
Is is gcúrsaí fuinnimh is lú a mhalartaíonn tomholtóirí soláthraithe. Eochair-fhachtóir chun margaí a choimeád iomaíoch is ea an cumas chun malartú.
Fuair an suirbhé difríochtaí móra idir tháillí bainc is rátaí úis ar fud an AE, in ainneoin an chomh-mhargaidh. Is deacair do thomhaltóirí táirgí bainc a chur i gcomparáid, agus is beag duine a mhalartaíonn.
Fairis sin, thaispeáin an tuairisc loiceadh sa trádáil mhiondíola thrasteorann. Níor ardaigh cion na trádala trasteorann ó 2006.
D'fhorbair an tAE an suirbhé mar uirlis chun teacht ar laigí sa chomh-mhargadh. Is leithne scórchlár na bliana seo ná anuraidh, nuair nár clúdaíodh ach trí earnáil.