Cosán nascleanúna

Ráta scagtha ailse faoi bhun na sprice - 26/01/2009

Dochtúir is mamagram othair á scrúdú aici © Reporters

Scagann tíortha an AE níos lú ná leath an lín a mholtar don ailse agus is dócha go n-ardóidh rátaí báis mura ngníomhaítear.

I 2003, mhol airí sláinte do rialtais cláir scagtha ar mhórscála a bhunú do dhaoine ar mó a bpriacal ailse de dheasca fachtóirí aicmeacha amhail an aois nó an inscne. Ghéill dhá thír fichead don mholadh d'ailse brollaigh, 15 d'ailse cheirveacs agus 12 d'ailse cholaireicteach. Is minic is féidir na hailsí coitianta seo a fháthmheas trí nósanna imeachta cruinne simplí mar smearadh cíche agus mamagraim.

Mhol na hairí go ndéanfaí thart at 125m seiceáil ailse sa bhliain ar dhaoine sna grúpaí sprice. Ach thaispeáin suirbhé AE Englishfrançais le déanaí nach bhfuil ar siúl ach timpeall 51m scagadh, nó 41% den líon is inmhianaithe. Ina measc sin, is lú ná a leath a dhéantar sa tslí a mholtar.

Le chéile, ailsí brollaigh, colaireicteacha is ceirbheacs faoi deara trian de bhásanna ailse i measc na mban. Sna fir, ailse cholaireicteach faoi deara 11% na mbásanna ailse. Agus daonra an AE ag dul in aois, méadóidh na rátaí seo mura ndéantar bearta chun iad a chosc.

Fáthmheastar go mbíonn ailse ar thart ar 3.2m as 500m Eorpach - an trúig bháis is coitianta i ndiaidh galar imshruthaithe. Ailse brollaigh a bhíonn i dtimpeall 30% na gcásanna ailse i measc na mban, i bhfad níos mó ná ailsí colaireicteacha nó ceirbheacs, a shroicheann 13% agus 3% faoi seach. Sna fir, ailse cholaireicteach faoi deara 13% na gcásanna ailse.

Ní go cothrom ar fud an AE a fhaightear cásanna ailse. Sa Bheilg is airde minicíocht na hailse brollaigh, ach sa Danmhairg is airde an ráta básmhaireachta. Sa Rómáin is ísle an mhinicíocht agus sa Spáinn is ísle an bhásmhaireacht.

Breis eolas faoin ailse san AE češtinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsslovenčinaslovenščinasuomisvenska.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links