Cosán nascleanúna

Rialúcháin níos déine ar tháirgí guaiseacha - 17/11/2008

Bailiúchán bréagán ar dheasc © EC

Fógraíonn an tAE, SAM is an tSín comhiarrachtaí chun tomhaltóirí a chosaint ó earraí guaiseacha.

Gach seachtain foilsíonn an tAE liosta nua de tháirgí faoi deara imní shábháilteachta English . Sa tSín a dhéantar a bhformhór ach tagann cuid mhaith acu ó SAM is ón AE.

Cur i gcuimhne is ea na liostaí "nár cheart riamh a cheadú go n-imeodh ceisteanna sábháilteachta ó bharr an chláir pholaitiúil", arsa Coimisinéir na dTomhaltóirí Meglena Kuneva English .

Dílis don gheall seo, chuir Bean Kuneva tús le seachtain idirnáisiúnta na sábháilteachta táirgí English ag cruinniú le Nancy Nord is Wei Chuanzhong, a macasamhla sábháilteachta táirgí ó SAM is ón tSín.

Ag a gcruinniú sa Bhruiséil an 17 Samhain, d'aontaigh siad oibriú le chéile ar réimsí éagsúla - rianú táirgí a éascú, caighdeáin shábháilteachta bréagán a fheabhsú is breis eolais a roinnt faoi ghuaiseanna sábháilteachta. Tá breis comh-fhorfheidhmithe á pleanáil acu, amhail seiceáil chomhuaineach ar tháirgí atá á ndíol ar a margaí éagsúla.

Roimh na cainteanna, d'aontaigh an tAE is an tSín a thuilleadh faoin gcomh-fhorfheidhmiú a chur lena gcomhaontú faoi shábháilteacht táirgí. Tugann an comhaontú athnuaite rochtain don tSín ar chóras foláirimh sláinte an AE don bhia is do chothú na n-ainmhithe.

Seo an chéad uair a bhuail an tAE, SAM is an tSín le chéile ag leibhéal chomh hard chun sábháilteacht táirgí a phlé - comhartha dá ndiongbháilteacht chun comhordú go dlúth le ardchaighdeáin shábháilteachta a chinntiú. Tá cruinniú ardleibhéil eile beartaithe ag na trí chumhacht trádála do 2009.

Anuraidh rinneadh athghairm ar na milliúin bréagán a rinneadh sa tSín de dheasca na heagla go raibh siad baolach. Ón tSín a thagann thart at 80% de na bréagáin a dhíoltar san AE.

Ní fada ó coscadh táirgí déiríochta Síneacha ar fud an domhain nuair d'éirigh na mílte páistí Síneacha breoite tar éis dóibh bainne a ól a thruailligh an ceimiceán nimhiúil meilimín. D'éag ceathrar páistí ar a laghad. Ba chúis imní bia peataí, taos fiacla, táirgí éisc is táirgí cógaisíochta freisin le déanaí.

Breis faoi chearta na dtomhaltóirí българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links