Cosán nascleanúna

Maraíonn ródháileoga drugaí breis daoine - 06/11/2008

Bailíonn buachaill Afgánistánach bí ó lus an chodlata i ngort codlaidín © Reporters

An hearóin an fhadhb drugaí is mó san AE fós .

Tá meadú tagtha ar líon na nEorpach ag cur láimh ina mbás féin i níos mó tíortha Eorpacha le roinnt blianta anuas, agus tá daoine ag ceapadh anois go bhfuil fáil níos mó ar hearóin ar an margadh Eorpach. Ó pháirceanna lus an chodlata san Afganastán a thagann formhór na hearóine chun na hEorpa, páirceanna a chuir curiarracht táirgeachta codlaidín amach i 2006 agus 2007.

Níl na méaduithe mór ach is athrú mór é fosta ón uimhir deich mbliain ó shin nuair a bhí líon na ródháileog drugaí ag laghdú de réir a chéile.

Tháinig méadú ar líon na ródháileog drugaí a taifeadadh i dtíortha an AE go 6 873 i 2005, méadú ó 6 780 i 2004 agus 6 350 i 2003. Baineann an chuid is mó dóibh le hearóin, glactha mar an chúis bháis is rialta don aos óg san Eoraip, go háirithe fireannaigh i gceantair uirbeacha.

Níl in ardlíon na marbh ach cuid den ábhair imní. Ina thuarascáil bhliantúil faoi mhí-úsáid substainte san Eoraip English , luann grúpa faire na hEorpa – an EMCDDA English - go bhfuil méadú maidir le taomanna hearóine agus andúiligh drugaí ag cuardach cóireala. Scriosann sé seo measúnachtaí roimhe seo a chuir in iúl gur ag laghdú a bhí fadhb hearóine na hEorpa.

Go ginearálta, tá úsáid drugaí ard san Eoraip ach is cosúil go bhfuil sé ag éirí níos cobhsaí. Bhain 2m Eorpach úsáid as amfataimíní anuraidh agus bhain 2.5m úsáid as eacstais – tá na huimhreacha ag cothramú nó seans gur laghdú ar an iomlán é.

Tá méadú rialta ag teacht úsáid hearóine, agus bhí tuairim is 3.5 m Eorpach á úsáid anuraidh. Is é cannabas (marijuana nó haisis) an rogha druga ach tá laghdú ar éileamh an druga de réir dealraimh. Bhain 17m Eorpach (7%) úsáid as cannabas i mbliana, le thart ar an gceathrú cuid á úsáid go rialta.

Is deacair a mheas cé mhéad úsáideoirí hearóine atá san Eoraip. Measann an EMCDDA go bhfuil idir 1.3 is 1.7 milliún daoine, san AE agus san Iorua, ag baint úsáide as díorthaigh codlaidíne (moirfín agus hearóin) drugaí sintéiseacha le tionchair comhchosúla.

Cé go bhfuil níos mó úsáideoirí cannabais ná hearóini, is í an hearóin an fhadhb is mó san AE ó thoabh costais sóisialta agus sláinte de. Seachas a bheith ardandúileach agus seans maith go dtabharfadh sé ródháileog duit, cuireann sé le leathnú VEID agus heipitíteas C, agus tig leat iad a fháil trí shnáthaidí éillithe.

Tá acmhainní Eorpacha do mhonatóireacht um dhrugaí mar chuid de na hacmhainní is forbartha ar domhan. Agus an tAE á ullmhú chun plean gníomhaíochta nua AE um dhrugaí DeutschEnglishfrançais (2009-12) a sheoladh, teastaíonn tuiscint níos mó fós faoi na dúshláin atá romhainn.

Fadhb drugaí na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links