Cosán nascleanúna

Siopadóireacht gan teorainn - 08/10/2008

Eochair ríomhaire leis an tsiombail euro

Cearta breise do thomhaltóirí faoi rialacha siopadóireachta AE atá á moladh.

Tá siopaeirí is miondíoltóirí fainiciúil fós faoi ghnó a dhéanamh i dtíortha eile AE, go háirithe ar líne. Go minic is neamhchinnteacht faoina gcearta is a ndualgais faoi deara é sin - bíonn rialacha an-éagsúla i bhfeidhm ar fud an AE. Bíonn eagla ar thomhaltóirí nach mbeidh cosaint acu ó chalaoisí is ó chamastaíl má cheannaíonn siad thar lear. Agus bíonn drogall ar mhiondíoltóirí dul faoin mbaol is faoin gcostas is gá chun cloí le dlíthe éagsúla.

Tagann an reachtaíocht English a moladh in ionad cheithre dhlí is clúdaíonn sí gach gné den cheannach: eolas faoi tháirgí, téarmaí conartha, seachadadh, tabhairt ar ais, aisíocanna, deisiúchán, ráthaíochtaí agus cur ar ceal.

Tá a leithéid de rialacha ag roinnt tíortha cheana, ach faoi na rialacha nua b'fhearr a chosnófaí tomhaltóirí ar fud an AE. Bheadh tairbhe do thrádálaithe freisin, óir choigleoidís go mór ar chostais géilliúlachta.

Is léir ó shracfhéachaint ar phraghsanna ar fud an AE gur fiú comparáid a dhéanamh. Mar shampla, le déanaí bhí miondíoltóir earraí leictreonacha mór le rá is an ceamara digiteach céanna á thairiscint aige ar €198 sa Bhreatain, ar €254 in Éirinn, ar €276 sa Bheilg agus ar €306 ar a shuíomh gréasáin Fionlannach. Bíonn éagothromaíochtaí ar aon dul leis seo le fáil d'iPodanna, do chumhráin, do throscán, do charranna is d'éadaí.

"Is gá dúinn líon sábháilteachta Eorpach de chearta ionas go mbeidh an tacaíocht is gá ag tomhaltóirí chun siopadóireacht a dhéanamh le hintinn shocair", arsa Coimisinéir na dTomhaltóirí Meglena Kuneva.

Seachas tomhaltóirí a chosaint, mhisneodh na rialacha miondíoltóirí chun margaí nua a thaiscéaladh. De réir suirbhé English AE, ní dhíolann thart ar 80% de mhiondíoltóirí le tomhaltóirí i dtíortha eile. Smaoineodh a bhformhór air, ámh, dá gcaighdeánófaí na rialacha.

Tá margadh ollmhór ag dul amú orthu. Bíonn timpeall 140m saoránach - trian de dhaonra an AE - ag siopadóireacht ar an Idirlíon. Go dtí seo ní cheannaíonn ach 30m acu earraí thar teorainn isteach, ach is ionann sin is €24bn i ndíolachán bliantúil.

Dhéanfadh na rialacha nua:

  • a éileamh go seachadfaí earraí laistigh de 30 lá
  • tréimhse 14 lá a thabhairt do thomhaltóirí chun ceannachán a chur ar ceal (le haisíoc laistigh de 30 lá.)
  • téarmaí conartha míchothroma a chosc
  • comhrialacha do cheantanna ar líne a bhunú agus cosaint a mhéadú in aghaidh teicnící ardbhrú díolacháin
  • an gnáth-thaobhú do tháirgí lochtacha a chur ar fáil.

 

Ní mór go nglacfadh 27 Ballstát uile an AE agus Parlaimint na hEorpa leis na rialacha.

Cearta tomhaltóirí - breis eolais българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska .

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links