Cosán nascleanúna

Baol an tsamhraidh – uisce is grian - 14/07/2008

An t-uisce is an ghrian croí an tsamhraidh do chách – is furasta dearmad a dhéanamh ar an mbaol

Gach bliain san AE, bíonn thart ar 200,000 tionóisc linn snámha agus an cheathrú chuid den líon seo de ghortuithe a bhaineann le bádóireacht, le snorcallú is le spóirt uisce eile. Bá an dara cúis bháis is mó i measc na bpáistí.

Ach tá formhór na dtionóiscí uisce inseachanta  le cúpla beart bunúsach sábháilteachta. D’eisigh an Comhaontas Eorpach um Shábháilteacht an Pháiste agus an tAE treoirlínte nua d’óstáin, d’oibritheoirí turais is do ghnóthais turasóireachta. Moltar do ghnóthais: 

  • Limistéirí uisce is gníomaíochtaí priaclacha a sheiceáil, go háirithe do pháistí
  • Snámháin is trealamh eile a chur ar fáil – agus a chinntiú go bhfuil na méideanna cearta iontu
  • Foireann dhea-oilte agus plean éigeandála a bheith acu.

Tugann cártaí sláinte Eorpacha suaimhneas intinne

Má bhíonn tú ar saoire i gcuid eile den AE an samhradh seo, bí cinnte go dtógfaidh tú do chárta árachais sláinte Eorpach en leat. Tá ceann anois ag thart ar 173 milliún duine – 36% de dhaonra an AE. Clúdaíonn an  cárta – a tugadh isteach  4 bliana ó shin – an tAE agus an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. 

Beagnach cách atá clúdaithe ag an  gcúram sláinte poiblí sna tíortha sin, táid i dteideal cárta atá saor in aisce. Fiafraigh de d’fhoras cúraim sláinte conas cur isteach air. Rabhadh beag:  is do chúram sláinte poiblí amháin an cárta. 

Bí grian-chliste  

Ní furasta  an ghrian csdadeelenesetfifrhuitltlvmtnlplptskslsv a sheachaint sa samhradh. Agus griansciath English á roghnú agat, léigh an lipéad agus seiceáil an í sin an chosaint atá uait.

Roghnaigh táirgí a chosnaíonn i gcoinne UVA agus solas gréine UVB, an dá chineál is feasach a bheith díobhálach. Cuimhnigh air nach dtig le táirgí grianscéithe, fiú le “bloc gréine”, cosaint iomlán a thabhairt. Agus   - ach é a úsáid i gceart – tig le fachtóir 15-25 a bheith chomh héifeachtach le fachtóir 50 nó níos airde.

Bíonn lipéid nua shothuigthe ar fhormhór na dtáirgí grianscéithe a dhíoltar san AE, de réir mholtaí an Choimisiúin. 

Ach ná bí ag brath ar ghriansciatha. Seachain an bhuaic-am, clúdaigh do chraiceann an oiread agus is féidir is coinnigh leanaí is páistí óga amach ó sholas díreach na gréine.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links