Cosán nascleanúna

Is mithid éirí glas! - 03/06/2008

Lógó na seachtaine glaise. Léarscáil an Domhain ar dhramhpháipéar leacaithe agus sluaghairm, níl ach Domhan amháin ann, ná cuir amú é.

Deis chun plé is teacht suas leis na smaointe is déanaí agus an tseachtain ghlas 2008 ag tosú sa Bhruiséil. "Níl ach Domhan amháin ann, ná cuir amú é".

Acmhainní nádúrtha, bainistiú dramhaíola, táirgeadh is ídiú – níl anseo ach cuid de na téamaí atá á bplé ag  seachtain ghlas English na bliana seo (3-6 Meitheamh).

Ina hochtú bliain anois, tá súil leis na mílte rannpháirtí sa tseachtain ghlas. 

I rith na seachtaine, comhthiomsóidh ionadaithe ón sochaí shibhialta, ó dhomhan an ghnó is ó rialtais a saineolas d'fhonn teacht ar fhreagraí ar roinnt ceisteanna bunúsacha. 

  • Conas a thig le cuideachtaí Eorpacha fanacht iomaíoch agus acmhainní nádúrtha in úsáid ar shlí inbhuanaithe acu?
  • An dtig le mórthionscadail thógála amhail Cluichí Oilimpeacha Londan 2012 a bheith 'glas' dáiríre? 
  • Conas a thig linn tomhailt go freagrach?
  • Cad í an tslí is fearr chun athchúrsáil?
  • Conas is ceart don Eoraip a fadhb eascarthach dramhaíola a réiteach?
  • Conas an t-iompar a dhéanamh níos cairdiúla don chomhshaol? 

Inbhuanaitheacht an t-eochairthéama a bheidh i bplean gníomhaíochta an choimisiúin atá le teacht amach sa tseachtain ghlas.  Díreoidh sé ar an táirgeadh, ar an ídiú is ar an mbeartas tionsclaíochta.

Beidh tionscadail nuálacha ó chian is ó chóngar ar taispeáint le linn na seachtaine glaise.  Tabharfar duaiseanna gnó Eorpacha do na cuideachtaí is nuálaí i gcúrsaí comhshaoil, agus rachaidh na duaiseanna comhshaoil LIFE English chuig rogha tionscadal ceannródaíocha  a chomh-mhaoinigh an coimisiún. 

Tá clárú ar líne don tseachtain ghlas dúnta anois, agus tig leat clárú ag an bpríomhionad - Foirgneamh Charlemagne.

An tSeachtain ghlas beo (gréasán-shruthlaithe) DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links