Cosán nascleanúna

Cosc ar tháirgí contúirteacha - 17/04/2008

Tá cosaint níos fearr ná riamh ag tomhaltóirí Eorpacha i ngeall ar fhaireachas feabhsaithe náisiúnta, dar le tuarascáil bhliantúil RAPEX.

Tá ag éirí le feachtas an AE chun táirgí contúirteacha do thomhaltóirí a fháil is a chur ar leataoibh – phléigh córas luath-fholáireamh RAPEX English le 1,605 tuairisc faoi tháirgí contúirteacha  anuraidh – ardú 53% ar 2006.

Is léir gurb éifeachtaí atá tíortha ag scagadh táirgí ná riamh, agus taispeánann tuarascáil bhliantúil 2007 English méadú ar na tuairiscí atá ag teacht ó thíortha nach mbíodh chomh haireach.   

I liosta na dtáirgí tuairiscithe do 2007, bréagáin a bhí ar an mbarr (417), agus ansin carranna (197), gairis leictreacha (156) agus cosmaidí (81). Tig leat na  liostaí fógartha English a sheiceáil féachaint cad iad na táirgí a tuairiscíodh – toisc iad faoi deara gortú nó tachtadh, gur thug siad turraing leictreach nó gur thosaigh siad tine. 

Táirgí ón Sín a tharraing an chuid is mó de na tuairiscí arís i mbliana (700). Chun tabhairt faoi seo, eagróidh an Coimisiún seimineár sa tSín i Meitheamh, chun feidhmeannaigh is déantóirí Síneacha a chur an eolas faoin togra nua faoi shábháilteacht bréagán English agus chun nithe eile faoin sábháilteacht a phlé.  Tá cruinniú mullaigh tríthaobhach AE-SAM-an tSín faoi shábháilteacht na dtáirgí ar na bacáin do mhí na Samhna sa Bhruiséil. 

“Chun a chinntiú go bhféadfaidh saoránaigh an AE dul ag siopadóireacht gan bhuairt, gan iachall orthu táirgí sábháilte a phiocadh as measc na dtáirgí contúirteacha, sin is cuspóir do RAPEX agus na sáslaigh eile sábháilteachta” arsan coimisinéir do shábháilteacht na dtomhaltóirí Meglena Kuneva.

Breis eolas faoi chumasú na dtomhaltóirí English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links