Cosán nascleanúna

Ar mhaith leat dul glas? - 25/03/2008

Bean ag rothaíocht i mbaile Portaingéileach

Cé go bhfúil spéis sa timpeallacht fréamaithe go daingean in aigne na nEorpach, is minic an dea-intinn in áit na gníomhaíochta. 

Is tábhachtach le 96% na nEorpach an pláinéad a shábháil ach is beag duine atá sásta a iompraíocht féin a athrú, mar a nochtann an suirbhé is déanaí faoi dhearcaidh Eorpacha ar an timpeallacht pdf - 2 MB [2 MB] Deutsch (de) English (en) français (fr) .

Cé go n-aithníonn an chuid is mó againn go bhfuil ról le himirt againn i gcosaint na timpeallachta, is annamh a chuireann ár nósanna tomhailteora féin imní orainn.  Mar sin ní dócha go laghdóimis ar úsáid an chairr nó go dtosóimis ag ceannach táirgí atá neamhdhíobhálach don timpeallacht.

Is minic an dea-intinn in áit na gníomhaíochta, agus is cosúil go bhfuil na hEorpaigh ag fanacht go ngníomhóidh na rialtais.Tá dhá thrian ar son cinntí a bhaineann leis an timpeallacht a thógáil ag leibhéal na hEorpa agus aontaíonn 82% gur gá dlíthe AE.  Tá an teachtaireacht soiléir – bíodh an iompraíocht ghlas éigeantach seachas roghnach.

Mar sin féin, is iomaí slí againn uile chun ár lorg ar an timpeallacht a laghdú. Chun tús a chur le cúrsaí, chuir an tAE roinnt suíomh gréasáin le chéile le leideanna chun ár n-iompraíocht laethúil a athrú.

Nochtann an suirbhé freisin nach ionann leibhéal an eolais faoi chúrsaí timpeallachta ó thír go tír.  Is airde an leibhéal eolais i dtuaisceart agus in iarthar na hEorpa, agus is ísle é sa deisceart agus sna ballstáit nua.

Tá a lorg fágtha ar fhéilire na timpeallachta i mbliana ag cathair Chróiteach Koprivinca, a bhuaigh duais Sheachtain Eorpach na soghluaisteachta 2008.  I measc na nithe a rinne sí chun an timpeallacht a chosaint tá an siúl is an rothaíocht a chur chun cinn, spás ar na bóithre a leithdháileadh do thrácht neamh-mhótaraithe agus úsáid na mbreoslaí malartacha san iompar poiblí a mhéadú.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links