Cosán nascleanúna

An óige agus sábháilteacht ar an Idirlíon: labhraimis fúthu! - 12/02/2008

Beirt pháistí os comhair ríomhaire glúine

Ar Lá na Sábháilteachta Idirlín, eagraíonn an Coimisiún fóram don chomhphlé leis an óige agus chun feasacht na ndaoine fásta faoin gceist seo a ardú. 

Cuid de ghnáthshaol na bpáistí agus na ndéagóirí is ea an tIdirlíon agus na meáin nua-aoiseacha anois. 

Ach ní i gcónaí a bhíonn daoine fásta ar an eolas faoin úsáid usage a bhaineann an óige astu agus faoi na contúirtí a thugann siad leo.

Mar sin, chun comhphlé a bhunú leis an óige d'fhonn a ngánna san ábhar seo a shainiú agus na priacail a sheachaint, d'eagraigh an Coimisiún Fóram Eorpach English don óige faoi shlándáil ar an Idirlíon, an 12 Feabhra sa Bhruiséil.  

Ar an ócáid seo bhuail 27 déagóir ó 9 dtír le beirt bhall den Choimisiún Eorpach: le Viviane Reding, atá freagrach as sochaí an eolais agus na meáin, agus le Meglena Kuneva, atá i bhfeighil ar chosaint na dtomhaltóirí. Deis aonuaire a bhí ann do na daoine óga seo chun cur síos ar an úsáid a bhaineann siad as teicneolaíochtaí mar an Idirlíon agus na fóin phóca, na contúirtí a bhuaileann leo, conas a phléann siad leo, agus, faoi dheireadh, faoi na bearta a mholann siad. 

Ag dul thar ceisteanna sábháilteachta, is mian leis an gCoimisiún rochtain ar shochaí an eolais a ráthú do chách. Sin is téama dá fheachtas feasachta «e-Inclusion: Be part of it!» English ("An saol leictreonach: bí mar chuid de!").

Ar Lá na Sábháilteachta Idirlín d'fhógair Viviane Reding buaiteoirí an chomórtais DeutschEnglishfrançais chun uirlisí a chruthú d'fhonn feasacht na nEorpach óg faoin sábháilteacht Idirlín a mhéadú. Eagraíodh roinnt mhaith imeachtaí sna Ballstáit DeutschEnglishfrançais chomh maith. 

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links