Cosán nascleanúna

Fuinneamh in-athnuaite tar éis 2020 – plean fáis - 08/06/2012

Bóthar ag dul trí pháirceanna agus tuirbíní gaoithe taobh thiar de © iStockphoto.com/Robert Mandel

Cúlóidh an fás sa mhargadh in-athnuaite mura ndéanfaidh an AE bearta breise láithreach le costais a laghdú agus infheistíocht a spreagadh. Tá an Coimisiún ag tabhairt eolais faoi na bealaí ina bhféadfaí sin a dhéanamh.

Tá ag éirí leis an AE an sprioc atá aige a bhaint amach, is é sin 20% den fhuinneamh san AE a fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2020. Is cuid den straitéis maidir le aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide é sin.

Dea-scéal atá ann cinnte. Beidh an AE níos neamhspleáiche ar fhuinneamh iompórtáilte má thagann níos mó fuinnimh ó fhoinsí gaoithe, gréine, hidrileictreacha agus taoide, geoiteirmeacha agus bithmhais. Tiocfaidh borradh freisin faoin nuáil agus faoin bhfostaíocht.

Tá lucht tionscail drogallach, áfach, faoi infheistíocht bhreise i bhfuinneamh in-athnuaite. Níl siad lánchinnte faoi bheartas an AE amach anseo, agus níl laghdú sách tapa ag teacht ar na costais.

Dá bhrí sin, mura dtiocfaidh ísliú ar phraghas an fhuinnimh in-athnuaite i gcomparáid le breoslaí iontaise, ceaptar go gcrapfaidh an margadh tar éis 2020.

Chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin, rinne an Coimisiún tuarascáil ar fhuinneamh in-athnuaite DeutschEnglishfrançais ina bhféachtar ar bhealaí chun na costais a ísliú trí chur chuige níos comhordaithe san AE. Tosaítear freisin ar phróiseas chun beartas an AE a fhorbairt do na blianta i ndiaidh 2020.

Is féidir costais a bhrú síos trí bhreis iomaíochta a spreagadh i margadh fuinnimh an AE. Ba cheart deireadh córasach a chur le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise agus athbhreithniú a dhéanamh ar chánacha fuinnimh le hinfheistíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin a spreagadh. An tráth céanna, ba cheart an tacaíocht a chuirtear ar fáil don mhargadh in-athnuaite a laghdú de réir a chéile nó deireadh a chur léi, le go mbeidh buntáiste ann don earnáil seo dul san iomaíocht san fhadtéarma le foinsí eile fuinnimh.

Ba cheart na cláir náisiúnta tacaíochta a athchóiriú chun laghdú costais a spreagadh. Ba cheart go mbeidís níos comhsheasmhaí ar fud an AE agus ba cheart iad a shimpliú, rud a laghdódh na costais riaracháin do lucht tionscail.

Ba cheart don AE táirgeadh cumhachta gaoithe agus gréine a spreagadh sna háiteanna ina bhfuil sé níos saoire, mar a dhéanann gnólachtaí i gcás táirgí agus seirbhísí eile. Ansin, d'fhéadfadh tíortha an AE fuinneamh gaoithe nó gréine a cheannach ó thír eile san AE nó ó lasmuigh den AE ar chostas atá níos ísle ná a bhfoinsí in-athnuaite féin a fhorbairt.

Na chéad chéimeanna eile

Tá an Coimisiún ag cur tús le próiseas chun roghanna beartais a fhorbairt do na blianta i ndiaidh 2020 chun nuáil a spreagadh agus costais a ísliú. Má fhorbraítear beartas anois, tabharfar ugach do lucht tionscail an infheistíocht fhadtéarmach chuí a dhéanamh chun na foinsí in-athnuaite a fhorbairt.

Anuraidh, d'fhoilsigh an AE treochlár ísealcharbóin българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska ina gcuimsítear earnálacha uile an gheilleagair. Tá pleananna sonracha á bhforbairt aige freisin chun earnálacha ar leith den gheilleagar a chlúdach, amhail treochlár fuinnimh 2050 DeutschEnglishfrançais .

Tuilleadh faoi fhuinneamh in-athnuaite san AE Deutsch (de) English (en) français (fr)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links