Cosán nascleanúna

Astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú - 30/08/2011

Spreagfaidh an beart nua déantóirí carranna chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí le CO2 a laghdú, mar chuid de chur chuige ginearálta an AE i leith athrú aeráide.

Tá an AE ina cheannródaí ag tabhairt faoi athrú na haeráide - ag díriú ar thrí eochair-sprioc faoi 2020 English : astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú 20%, 20% den fhuinneamh a lorg ó fhoinsí in-athnuaite, agus úsáid an fhuinnimh a laghdú 20%.

Leis na spriocanna a bhaint amach, tá gníomhaíochtaí éagsúla ag teastáil. Mar shampla, tá ar dhéantóirí carranna astaíochtaí CO2 a laghdú ó gach feithicil paisinéirí nua go dtí aon chúigiú faoi leibhéil 2007 English faoi 2015. Faoi láthair, carranna faoi deara 12% d'astaíochtaí CO2 an AE, an phríomhghás ceaptha teasa.

Anuas air sin, spreagann beart nua English déantóirí carranna le hinfheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtí nua a laghdaíonn astaíochtaí agus na teicneolaíochtaí sin a dheimhniú. Le cáiliú, is gá coigiltí CO2 suntasacha sa teicneolaíocht agus ní mór ná raibh na coigiltí seo san áireamh cheana féin agus astaíochtaí á ríomh.

Ba chóir go ndéanfadh an teicneolaíocht tiomáint na feithicle agus ídiú fuinnimh a fheabhsú - gan laghdú ar shábháilteacht. Mar shample, bheadh painéil gréine atá ag iompú solas na gréine isteach i bhfuinneamh leictreach oiriúnach don scéim, ach níorbh amhlaith do chóras ceoil in-charr atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de.

Bearta eile

Tá na bearta do charranna mar chuid de chur chuige ginearálta an AE i leith athrú aeráide a laghdú. Ina measc tá:

  • astaíochtaí gáis ceaptha teasa ón tionscal a laghdú trí an gCóras Trádála Astaíochtaí English , eochair-uirlis le freastal ar spriocanna an AE
  • feabhas a chur ar fheidhmiúlacht fuinnimh i raon leathan d'fhearais agus de threalamh tí
  • méadú ar úsáid gaoithe, gréine, hidri-nithe, bithmhais agus bithbhreoslaí a éileamh
  • tacú le forbairt teicneolaíochtaí a ghaistíonn agus a stórálann CO2
  • stráitéis AE le hoiriúnú don athrú aeráide English , is atá cuimsitheach, a fhorbairt
  • comh-mhaoiniú taighde agus forbairt na nuála trí chlár LIFE English an AE

Céimeanna breise

Chabhraigh na bearta sin leis an AE a spriocanna faoi astaíochtaí agus fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. Ach ag an ráta dul chun cinn atá ann faoi láthair, ní bhainfidh sé amach ach leath den sprioc laghdaithe fuinnimh.

Chun dul chun tosaigh arís, tá bearta ceangailteacha um thíosacht fuinnimh English á moladh ag an gCoimisiún.

Tá iarrachtaí an AE chun dul i ngleic le hathrú aeráide mar phríomh-thosaíocht agus chun freastal ar riachtanais fuinnimh na hEorpa mar chuid den stráitéis fáis Eoraip 2020.

Tuilleadh ar chur chuige an AE faoin athrú aeráide българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links