Cosán nascleanúna

Fuinneamh inbhuanaithe don Eoraip - 22/03/2010

Agus Seachtain Eorpach an fhuinnimh inbhuanaithe linn arís, cuireann an Coimisinéir Eorpach nua fuinnimh a straitéis i láthair, chun spleáchas na Eorpa ar fhuinnimh iontaise a laghdú.

Roghnaigh an Coimisinéir Günther Oettinger cur chun cinn na héifeachtúlachta fuinnimh is na bhfuinneamh inathnuaite mar cheann de mhór-thosaíochtaí a thréimhse oifige. Cuirfidh sé a sraitéis i láthair in óráid a thionscnóidh Seachtain an fhuinnimh inbhuanaithe.

Bíonn an t-imeacht sin mar bhuaicphointe an fheachtais "Fuinneamh inbhuanaithe don Eoraip" gach bliain, d'fhonn táirgeadh is tomhailt na bhfoinsí fuinnimh inbhuanaithe a chur chun cinn i measc na saoránach, na ngnóthas agus na n-údarás poiblí.

Is í Seachtain an fhuinnimh inbhuanaithe an fóram Eorpach is mó faoi fhuinneamh inbhuanaithe. Cabhraíonn sí chun gríomhairí an mhargaidh a thabhairt le chéile, chun tionscnaimh nua a fhionnadh agus chun infheistíochtaí sna teicneolaíochtaí glana a bhrostú.

Spreagfaidh moltaí an Choimisiúin an plé is na léachtaí a bheidh ar siúl sa Bhruiséil ó 22 go 26 Márta. Tacóidh 267 "Lá Fuinnimh" leis an iliomad gníomhaíochtaí ar fud na hEorpa. Sa Niocóis, tugadh cuireadh don óige páirt a ghlacadh i gcomórtas líníochta is póstaer faoin ábhar. I mBarcelona, cuirfear dráma ar stáítse d'fhonn an tábhacht a bhaineann le tomhailt fuinnimh a laghdú a chur os comhair na bpáistí.

I measc na mórthéamaí i mbliana beidh an t-iompar cathrach agus forbairt na "ngreillí cliste", .i. líonraí chun aibhléis "eagnaí" a dháileadh, ag baint úsáide as an nuatheicneolaíocht chun an tionchar comhshaoil a laghdú.

Buaicphointe eile na seachtaine: bronnadh Dhuaiseanna Eorpacha an fhuinnimh inbhuanaithe English, as na tionscadail is uaillmhianaí agus is nuálaí sa réimse.

Tá fuinneamh inbhuanaithe ag croí na straitéise geilleagraí fadtéarmaí san AE dá ghníomhaíocht i gcoinne athrú na haeráide. Ghlac an tAontas le sprioc triarach as seo go 2020: laghdú 20 % in astaíochtaí gáis cheaptha teasa, feabhas 20 % san éifeachtúlacht fuinnimh agus cion na bhfuinneamh inathnuaite inár dtomhailt fuinnimh a ardú go 20 %.

Seachtain Eorpach an fhuinnimh inbhuanaithe English

Feachtas Fuinneamh inbhuanaithe don Eoraip българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Gníomhú an AE i gcoinne athrú na haeráide българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links