Cosán nascleanúna

Fuinneamh feasta - 04/02/2009

Grianphainéil le hais an bhóthair ©Reporters

Agus fronta nua á oscailt acu sa troid i gcoinne athrú na haeráide, geallann cathracha Eorpacha íslithe astaíochta níos domhaine.

I searmanas sa Bhruiséil an 10 Feabhra, geallfaidh beagnach 300 cathair dul thar sprioc an AE chun na hastaíochtaí CO2 a laghdú 20% faoi 2020. Ina measc tá cathracha móra mar Bielsko-Biala, Búdaipeist, Hamburg, Liospóin, Maidrid, Ríge agus Ságrab.

Le linn na comhdhála bliantúla Eorpaí faoin bhfuinneamh inathnuaite, taispeántas do threochtaí nua sa teicneolaíocht íseal-charbóin is san fhuinneamh inathnuaite, a bheidh cúnant na méaraí English . Seo an chomhdháil is mó de na himeachtaí a bheidh ar siúl i 52 chathair Eorpach le linn na seachtaine don fhuinneamh inathnuaite English (9-13 Feabhra), agus mar chuid di beidh searmanas duaiseanna do na tionscadail is nuálaí.

Tá cuid de na cathracha ag dul chun cinn i dtreo na sprice 20%. Tá ceann de na cathracha is gníomhaí, cathair Ghearmánach Heidelberg, tar éis gníomhaireacht a bhunú le comhairliú conas fuinneamh a choigilt. “Le 10 mbliana anuas laghdaíomar beagnach 40% de na hastaíochtaí CO2 inár gcathair,” arsa Eckart Würzner, méara Heidelberg.

Tá comhdháil na Bruiséile ar siúl dhá mhí tar éis do na ceannairí AE aontú ar phacáiste uileghabhálach beart българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska chun cion na hEorpa den athrú aeráide a ísliú. Tá faoin bplean, an leasú is cuimsithí riamh ar bheartas fuinnimh na hEorpa, ceannaire domhanda a dhéanamh den Eoraip san fhuinneamh inathnuaite is sa teicneolaíocht íseal-charbóin. Cabhróidh sé sin chun an geilleagar a chosaint ar ardú na bpraghsanna fuinnimh is ar sholáthar neamhchinnte.

D'ardaigh praghsanna fuinnimh san AE timpeall 15% ar an meán i 2008, mar fhreagairt, cuid mhaith, ar éileamh atá ag fás i dtíortha mar an tSín is an India. Ó thíortha lasmuigh den AE a thagann breis is 50% dá chuid fuinnimh - agus is ag fás atá an spleáchas. Ón Rúis a thagann cuid mhaith den fhuinneamh sin, mar ar chuir aighneas le tíortha eile isteach ar an soláthar le blianta beaga anuas. Mhair an gearradh is déanaí, in Eanáir, beagnach coicís.

Fuinneamh Inathnuaite don Eoraip българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska .

Gníomhú aeráide - fuinneamh do dhomhan faoi athrú DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski .

Bainistigh fuinneamh English .

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links