Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Aontú faoi bhille chun greim na mórchuideachtaí ar mhargaí fuinnimh a scaoileadh.
D'éileodh an dréacht-dhlí
go scarfadh fóntais - nó go ndíchuachfaidís - dáileadh na haibhléise is an gháis óna dtáirgeadh. Is cuspóir dó iomaíocht agus méadú ar mhalartú fuinnimh idir na Ballstáit AE a spreagadh.
Faoi láthair, is minic a bhíonn píblínte, línte traiseolta is stáisiúin chumhachta faoi smacht na haon-chuideachta amháin. Cruthaíonn sé seo deacrachtaí do mhionghnóthais, chun cos isteach a fháil, agus do líonraí trasteorann chun forbairt.
Aontaíonn formhór na rialtas AE go n-íslíonn díchuachadh na costais is go méadaíonn sé rogha na dtomhaltóirí ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
. Ó Iúil 2007, tá gach teaghlach san AE saor chun soláthróir gáis nó aibhléise a roghnú ach is minic a bhíonn an rogha teoranta ag forlámhas na haon-chuideachta ina réigiún.
An t-aontú a bhain airí fuinneamh na mBallstát amach an 10 Deireadh Fómhair, thabharfadh sé trí rogha do chuideachtaí, ina measc, ceann a scarfadh úinéireacht na ngnóthas soláthair is dáilte. Fairis sin, d'aontaigh na hairí gníomhaireacht a bhunú chun cabhrú le rialú an mhargaidh, sin bunghné eile a bhí sa togra dlíthiúil.
D'fháiltigh Coimisinéir an Fhuinnimh Andris Piebalgs roimh an gcomhaontú mar chomhartha tacaíochta chun cómhargadh fuinnimh a chruthú. Réitíonn an vóta an tslí don chaibidlíocht dheireanach agus meastar go nglacfar leis an mbille sa chéad leath de 2009.
Le cois spreagadh na hiomaíochta, tá faoin mbille tacú le húsáid na bhfuinneamh inathnuaite, mar chumhacht gaoithe is gréine, agus cur le slándáil an fhuinnimh. Braitheann an tAE ar an Rúis do thrian dá chuid ola, geall leis, agus do 40% dá chuid allmhairirthe gáis nádúrtha. Ach, le blianta beaga anuas, chuireadh polaitíocht an réigiúin isteach ar an soláthar.
Le comhtháthú na margaí náisiúnta fuinnimh, b'fhusa do Bhallstáit AE cabhrú lena chéile agus an soláthar faoi bhagairt. Dá mba mhian leo oibriú san AE, bheadh ar chuideachtaí eachtrannacha na rialacha céanna a leanúint is ní cheadófaí dóibh ach úinéireacht theoranta ar líonraí AE.