Cosán nascleanúna

Praghsanna ola a smachtú - 24/06/2008

Tancaer ola i gcalafort

Ní mór do thíortha a tháirgeann ola is tíortha a allmhairíonn í comhoibriú chun praghsanna ola a ísliú. 

Ní féidir praghsanna ola a ísliú ach amháin trí aghaidh a thabhairt ar fhórsaí soláthair is éilimh sa mhargadh, dar le coimisinéir an fhuinnimh Andris Piebalgs, agus é ag caint le cruinniú mullaigh fuinnimh in Jeddah, san Araib Shádach, an 22 Meitheamh.

“Déanann praghsanna ola thar $100 dochar do thíortha na tomhailte is an táirgthe araon. Is comhleas dúinn comhoibriú chun luaineacht sna margaí a ísliú agus praghsanna ola a thabhairt ar ais chuig leibhéil chiallmhara. Ní mór dúinn gníomhú le chéile chun tacú le muinín is le cobhsaíocht i ngeilleagar an domhain agus cúlú a sheachaint,” ar seisean.

Spreag sé tíortha a tháirgeann ola chun a dtáirgeadh a mhéadú agus chun infheistiú níos mó in acmhainní nua don táirgeadh, agus d'iarr ar thíortha na tomhailte a n-éifeachtacht fuinnimh a fheabhsú, leibhéil arda i stoic éigeandála a choimeád agus amhantraíocht sna margaí a throid.

Agus breis comhphlé leis na tíortha a tháirgeann ola á misniú aige, thug an tAE cuireadh d'Eagraíocht na dTíortha Onnmhairithe Peitriliam  (ETOP) chuig ‘ comhphlé fuinnimh’ ardleibhéil sa Bhruiséil an 24 Meitheamh. Allmhairíonn an tAE timpeall 40% dá chuid ola ó thíortha ETOP, atá ag bualadh leis an AE don chúigiú huair ó thosaigh na cainteanna i Samhain 2005.

Gheall an Araib Shádach, an t-onnmhaireoir ola is mó ar domhan, a táirgeadh a mhéadú 200,000 bairille i mí Iúil don tríú mí as a céile agus a thuilleadh méadaithe a dhéanamh de réir mar is gá chun praghsanna ró-arda a chosc. 

Tá an t-ardú ina fhoinse cruatain is teannais sa domhan tionsclaithe is sa domhan i mbéal forbartha araon. Le roinnt seachtainí anuas tá a lán agóidí is stailceanna ar fud na hEorpa i gcoinne na gcostas ardaithe breosla, agus iascairí, feirmeoiri is tiománaithe leoraí chun tosaigh iontu.

Agus imní ann go bhfuil amhantraíocht ag brú in airde na gcostas fuinnimh, agus ní fórsaí an mhargaidh amháin, tá faoin gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar arduithe praghsanna agus cur ar son breis trédhearcachta sna margaí ola. Tíolacfaidh ETOP tuarascáilfaoi thionchar na margaí airgeadais ar phraghsanna ola ag na cainteanna sa Bhruiséil. 

Is í an éifeachtacht fuinnimh is ard-tosaíocht don choimisiún, i gcéin is i gcóngar. Chuir an tAE ar aghaidh togra comhtháite beartais faoi fhuinneamh is an téamh domhanda chun an Eoraip a chur ar an gcosán ceart – i dtreo na todhchaí inbhuanaithe. 

Breis eolais faoi bheartas ola an AE

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links