Cosán nascleanúna

An AE chun sláinte agus sábháilteacht d'oibrithe a fheabhsú - 11/06/2014

Tógálaí i dtollán metro, seaicéad ardfheiceálach agus clogad oibre air

D'fhógair an AE pleananna chun dálaí oibre níos fearr a ráthú agus líon na dtimpistí san áit oibre a laghdú san Eoraip.

Bíonn timpistí tromchúiseacha ag an obair ag breis is 3 mhilliún duine sa bhliain san AE ‑ sin timpistí nuair a chailleann an duine breis is 3 lá oibre ‑ agus cailltear 4000 duine sa bhliain i dtimpistí den sórt sin. Creideann geall leis an gceathrú chuid d'oibrithe san Eoraip go bhfuil baol ag baint lena dálaí oibre.

Ní amháin go mbíonn fulaingt an duine i gceist, bíonn costas mór eacnamaíoch ann freisin: i gcás na Gearmáine, meastar go gcailltear 3.1% i gcaillteanas táirgiúlachta OTI in aghaidh na bliana. Téann costais slándála sóisialta in airde mar gheall ar timpistí agus breoiteacht.

Léiríodh i dtuarascáil ó 2010 go mbíonn tuairisceán idir €1.29 agus €2.89 ar bhrabúis ar gach euro a infheistítear chun timpistí a bhaineann leis an obair a chosc.

Dálaí oibre a fheabhsú

Seo a leanas roinnt de na tograí ón AE chun cosaint oibreoirí a fheabhsú;

  • cabhrú le gnólachtaí beaga cloí leis na rialacháin sábháilteachta
  • féachaint chuige go bhfuil obair na gcigirí sláinte agus sabháilteachta d'ardchaighdeán
  • bheith cothrom le dáta maidir le rioscaí a ghabhann le teicneolaíochtaí nua agus nuálaíocht, amhail nana-ábhair
  • aird a thabhairt ar dhul in aois lucht saothair na hEorpa
  • dlús a chur faoi chomhordú chúrsaí sláinte agus sábháilteachta leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte françaisEnglishespañole agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile.

Cuirfear cistí an AE ar fáil chun cabhrú leis na bearta sin a dhéanamh, ar bearta iad a thig as comhairliúcháin le heagraíochtaí fostóirí agus oibrithe araon ar fud na hEorpa.

Ag an am céanna, áfach, molann an AE go ndéanfaí na rialacháin atá ann cheana féin a shimpliú ‑ nuair is féidir é sin a dhéanamh  ‑ chun an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú.

Curtha i gcríoch

Nuair a cuireadh i bhfeidhm an Straitéis 2007 ‑ 2012, a bhí bunaithe ar chomhchreat gníomhaíochta ar fud na hEorpa a ceapadh de réir riachtanais na dtíortha aonair, tháinig laghdú geall le 30% ar líon na dtimpistí tromchúiseacha oibre.

Le blianta beaga anuas agus leis na rialacháin nua tá cosaint níos fearr ag oibrithe Eorpacha ar nochtadh do cheimiceáin agus réimsí leictreamaighnéadacha.

Preaseisiúint: Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2014‑ 2020 ελληνικάEnglishitalianočeštinaeesti keelespañolNederlandsportuguêslatviešu valodalietuvių kalbaromânăpolskifrançaisбългарскиhrvatskiDeutschdansksuomimagyarsvenskaslovenčinaMaltislovenščina

Ceisteanna Coitianta: Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links