Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Tabharfar tacaíocht do Bhallstáit an AE le go gcaithfidh siad a mbuiséid leasa shóisialta ar shlí níos éifeachtaí chun na daoine is boichte a chosaint.
Cúig bliana de ghéarchéim eacnamaíoch a d'imigh tharainn agus d'fhág sé na milliúin duine in anás airgeadais nó i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta. Tá méadú mór tagtha ar fud an AE ar líon na ndaoine gan dídean. Níl a thuilleadh acmhainní ag na córais leasa shóisialta náisiúnta agus tá sé ag dul rite le rialtais teacht i gcabhair ar an líon mór daoine a dteastaíonn tacaíocht uathu.
Mar fhreagairt ar an bhfadhb sin, tá an Coimisiún ag cur comhairle ![]()
ar fáil faoin tslí is fearr is féidir leis na Ballstáit a mbuiséid leasa shóisialta a úsáid le cosaint a thabhairt do dhaoine atá i ngátar agus an comhtháthú sóisialta a neartú.
Tá an chomhairle sin bunaithe ar straitéisí a chuir tíortha áirithe i bhfeidhm agus a raibh toradh dearfach orthu maidir leis an riocht ina bhfuil daoine agus maidir le fás eacnamaíoch go ginearálta. Tá na tíortha sin ag déanamh infheistíochta i seirbhísí a chuireann le scileanna agus trína dtugtar cabhair do dhaoine leas a bhaint as na deiseanna atá ar fáil. Bíonn rátaí bochtaineachta níos ísle, fórsa oibre níos oilte, fostaíocht níos airde agus dálaí eacnamaíocha níos fearr sna tíortha sin de ghnáth. Beidh comhairle an Choimisiúin dírithe ar na pointí seo a leanas:
Tá moltaí sa phacáiste sin freisin agus tá siad dírithe ar bhochtaineacht i measc leanaí agus ar chur chuige níos comhtháite i leith infheistíocht shóisialta nach bhfuil díobhálach do leanaí.
Tá an infheistíocht a dhéantar i leanaí agus i ndaoine óga an-tábhachtach le timthriall na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a bhriseadh idir glúin amháin agus glúin eile. Tá níos mó le déanamh chun na seansanna a fhaigheann daoine sa saol a fheabhsú.
Tacaíonn an pacáiste sin freisin le tograí eile ón gCoimisiún, tograí a thugann aghaidh ar dhúshláin shóisialta agus eacnamaíocha na hEorpa, mar shampla fostaíocht, fostaíocht i measc na n-óg agus pinsin.
Na chéad chéimeanna eile
Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar an gcaoi a gcuirfidh na Ballstáit a gcórais leasa shóisialta in oiriúint agus tabharfaidh sé moltaí do thíortha áirithe más gá.