Cosán nascleanúna

Aitheantas ón AE do na cláir is fearr chun daoine scothaosta a choinneáil gníomhach ina bpobail.

Tá réimse leathan clár ann ar fud an AE le tacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta le go bhféadfaidh siad obair a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí agus iad ar scor. Cinntíonn na cláir sin gur féidir le pobail leas a bhaint as na scileanna agus as an eolas a fuair na daoine sin ar feadh a saoil.

Bronnann an Coimisiún duaiseanna ar roinnt de na cláir is fearr. Seo a leanas buaiteoirí na bliana seo:

  • Carr Rása Imtharraingthe – Scoil Huolin Koulu, an Fhionlainn. D'oibrigh daltaí 12 bhliain d'aois in éineacht le daideo Hannu Gustafsson le carr rása imtharraingthe a thógáil.
  • An Bhearna idir na Glúinte, JP/Politikens Hus, an Danmhairg – scríobh ceathrar iriseoirí ón nuachtán Politiken alt faoi na slite is féidir le glúin óg agus glúin aosta oibriú le chéile.
  • An Seanóir ag Obair , Cultfiction Oy, an Fhionlainn – sraith teilifíse 18 gclár ar an gcainéal poiblí Yle TV1 faoi dhaoine a chinneann gan dul ar scor.
  • Dhá Ghlúin i dTeach Amháin , Typhaine de Penfentenyo, an Fhrainc – le scéim Ensemble2générations français de chuid Typhaine, faigheann mic léinn lóistín saor in aisce nó ar bheagán airgid i dteach duine scothaosta, ach cuidiú agus comhluadar a choinneáil leis an duine sin.
  • Fad saoil, Fredericia, an Danmhairg – tugann seirbhísí sóisialta áitiúla tacaíocht do dhaoine scothaosta bheith neamhspleách, agus dírítear ar athshlánú ginearálta.
  • Aoiseanna Éagsúla le Chéile , Helsingin kaupunki, Henkilöstökeskus, an Fhionlainn – lucht oibre atá éagsúil ó thaobh aoise de á chur chun cinn trí gach glúin bheith páirteach in eagraíochtaí ar nós ionad spóirt, soláthraithe cúram sláinte agus seirbhísí gairme.

Bruno Põder as Kersti Skovgaard, an Eastóin a fuair duais ar leith mar aitheantas ar an méid a rinne sé don tsochaí trí bheith ag obair mar mháinlia go dtí aois a cheithre scór bliain.

Straitéis le tacaíocht a thabhairt don aosú gníomhach

Tá súil go dtiocfaidh athrú suntasach sna blianta amach romhainn ar phróifíl aoise dhaonra an AE – beidh beagnach aon trian de na hEorpaigh 65 bliain nó os a chionn faoi 2060 English.

Is é a chiallaíonn aosú an daonra go mbeidh níos lú daoine in aois fostaíochta ar fáil – sin athrú ó cheathrar go beirt in aois fostaíochta in aghaidh an phinsinéara. Meastar go mbeidh impleachtaí móra ag na hathruithe déimeagrafacha sin ar airgeadas poiblí an AE – córais pinsean agus an costas ar sheirbhísí cúram sláinte mar shampla.

Chruthaigh an Coimisiún na duaiseanna le bealaí éagsúla a chur chun cinn le teacht roimh na dúshláin a bhaineann leis an aosú. Tugann cláir um aosú gníomhach tacaíocht do dhaoine scothaosta deiseanna nua fostaíochta a aimsiú, páirt a ghlacadh sa tsochaí agus cónaí go neamhspleách a fhad is féidir.

Tuilleadh faoi chur chuige an AE i leith aosú българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

An Bhliain Eorpach don Aosú Gníomhach 2012

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links