Cosán nascleanúna

Bean agus peann ina lámh agus í ag léamh fógraí fostaíochta sa nuachtán © AE

Cuir aithne ar fhostóirí agus faigh tuilleadh eolais faoi phoist i dtíortha eile AE trí sheimineáir agus ceardlanna sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2012. Cláraigh le bheith i láthair nó páirt a ghlacadh ar líne.

Eagraítear na céadta laethanta eolais fostaíochta ar fud na hEorpa feadh na bliana. Is deis iontach atá iontu do dhaoine óga atá ag fágáil na scoile, do chéimithe agus do dhaoine a bhfuil taithí oibre acu eolas a chur ar na poist atá ar fáil i dtíortha eile san Eoraip.

Is é an phríomhócáid Lá Eolais Fostaíochta sa Bhruiséil a bheidh ar siúl ar an Satharn, 6 Deireadh Fómhair, idir 10.00 agus 17.00 ag ceanncheathrú an Choimisiúin, Foigneamh Berlaymont.

Beidh seans ag cuardaitheoirí poist dul faoi agallamh ar an toirt le fostóirí ó gach uile chearn den Eoraip. Is féidir eolas agus leidí a fháil freisin faoin tslí le tabhairt faoi phost a aimsiú i dtír eile agus iarratas a dhéanamh. Beidh comhairleoirí ó thairseach phoist EURES ar líne ar fáil le cuidiú leat cuardach mionsonraithe a dhéanamh.

Conas clárú don ócáid?

Níl aon táille a bhaineann leis an Lá Eolais – is cuma má bhíonn tú i láthair nó ar líne. Ní gá ach clárú ar líne agus do CV a uaslódáil. Tig leat na cineálacha poist a bhfuil spéis agat iontu a shonrú le go bhfeicfidh fostóirí oiriúnacha do CV roimh ré. Má bhíonn tú i láthair thú féin, tabhair roinnt cóipeanna páipéir de do CV leat le tabhairt d'fhostóirí a bheidh i láthair.

Beidh breis agus 60 gnólacht i láthair sa Bhruiséil le hiarrthóirí ionchasacha a fheiceáil. Beidh timpeall 2 000 post á dtairiscint ar an láthair.

Mura féidir leat teacht chun na Bruiséile, cláraigh agus glac páirt ann ar líne. Beidh tú in ann teagmháil a dhéanamh le fostóirí agus le comhairleoirí EURES ar an lá trí nasc téacs, fuaime nó físeáin. Beidh breis agus 70 gnólacht ar fud na hEorpa ag déanamh nasc le cuardaitheoirí poist ar líne.

Tig leat amharc ar chur i láthair beo ar líne agus ceisteanna a chur.

Tá Lá Eolais na bliana seo dírithe ar an earnáil fáis a d'aithin an Coimisiún ina phacáiste moltaí in Aibreán 2012, is é sin an geilleagar glas, cúram sláinte agus an geilleagar digiteach.

Anuraidh, ghlac tuairim is 10 000 cuardaitheoir poist páirt i Lá Eolais na Bruiséile. Bhailigh fostóirí tuairim is 6 000 CV agus rinneadh teagmháil le 700 duine do dhara agallamh.

Ar fud an AE

Tig leat eolas a chur ar Lá Eolais Fostaíochta a eagrófar gar duitse trí fhéilire imeachtaí EURES.

Tuilleadh faoi bheartas fostaíochta na hEorpa

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links