Cosán nascleanúna

Ár bpinsin a chosaint - 20/02/2012

Pleananna leagtha amach ag an AE le pinsin imleora a chinntiú do dhaoine is iad ar scor.

Braitheann Eorpach as 4 ar a bpinsean mar a bpríomhfhoinse ioncaim. Ó tharla go bhfuil méadú níos gasta le teacht ar líon na bpinsinéirí ná an pobal fostaithe, tá dúshlán mór roimh rialtais pinsin atá cothrom, slán is inbhuanaithe a sholáthar.

Agus an ghéarchéim gheilleagrach ag brú ar bhuiséid náisiúnta, tá an AE ag féachaint ar shlite chun oibriú le rialtais le leanúint de phinsin chuibhiúla a sholáthar feasta.

Tar éis comhairliúcháin ar chórais phinsean na hEorpa agus shuirbhé bliantiúil ar fhás 2012 DeutschEnglishfrançais an Choimisiúin, tá faoi pháipéar beartais nua ar phinsin inbhuanaithe българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska cóimheá níos fearr a dhaingniú idir am ag obair is ar scor, a chinntiú gcoinneoidh daoine a bhogann go tír eile a gcearta pinsin agus cuidiú le daoine airgead a shabháil don todhchaí.

Áirítear sna phríomhthograí:

  • cleachtais san ionad oibre agus cleachtais mhargadh an tsaothair a oiriúnú le deiseanna d'oibrithe scothaosta a fheabhsú
  • fostóirí agus ceardchumainn a spreagadh le scéimeanna príobháideacha scoir a fhorbairt is rialtais a spreagadh le dreasachtaí a sholáthar, lena n-áirítear faoisimh chánach
  • scéimeanna breise pinsin a chosaint ar bhealach níos fearr dóibh siúd a d'oibrigh i mbreis is tír amháin san AE
  • aois scoir a nascadh le hionchas saoil, luathscor a shrianadh agus deireadh a chur leis na difreálacha pinsin idir fir agus mná.

Cé go bhfuil rialtais náisiúnta freagrach den chuid is mó as córais phinsin, is ábhar leasa choitinn iad atá ag méadú go leanúnach. Ar aon dul le straitéis post agus fáis an AE, leanfaidh an Coimisiún d'fhaireachán a dhéanamh ar athchóirithe pinsin agus le tacú leo.

Féadfaidh an AE fiúntas breise a thabhairt freisin le reachtaíocht, maoiniú agus comhordú beartais. Áirítear leis sin rialacha le dul i ngleic le hidirdhealú (idirdhealú inscne agus aoise go háirithe), tacaíocht airgeadais le cuidiú le fostaithe scothaosta fanacht i margadh an tsaothair agus moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha ar leith le rialtais a threorú.

In 2011, chuir an Coimisiún moltaí ar fáil do 16 tír san AE agus chláraigh cúig thír eile chun athchóirithe a dhéanamh.

Pinsin san AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links