Cosán nascleanúna

Taisteal go sábháilte - tabhair leat do chárta sláinte - 16/06/2011

Éascaíonn Cárta Árachais Sláinte saor in aisce na hEorpa teacht ar chúram leighis i 27 tír an AE agus san Íoslainn, sa Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis.

D'fhéadfadh cealg ó smugairle róin, frithghníomhú ailléirgeach, cos bhriste nó tromghortú nó drochiompú eile saoire nó turas gnó thar lear a iompú ina thromluí.

Ta sé deacair go leor freastal ar an bhfadhb láithreach. Is deacra fós bheith ag plé le córás sláinte anaithnid agus leis na costais bhreise a thagann le géarchéim.

Cabhraíonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte English go mór leat teacht ar chabhair dochtúra agus tú ag taisteal laistigh den AE.

Tairbhíonn saoránaigh an AE as comhaontú i measc na 27 ballstáit - chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis - faoina bhfuil siad i dteideal leasa slándála sóisialta agus iad ag obair, ina gcónaí nó ag taisteal i dtír ar bith thuasluaite.

Folaíonn sé seo bheith in ann teacht ar an gcúram sláinte agus sochair céanna a chuirtear ar fáil do náisiúnaigh na tíre ina bhfuil siad ar cuairt.

Cóireáil Chomhionann

Dearbhaíonn an cárta sláinte do dhochtúirí, d'ospidéil agus do chógaslanna go bhfuil an cuairteoir i dteideal cóireála comhionainne.

Ag brath ar dhlíthe na tíre ina bhfuil siad ar cuairt, d'fhéadfadh an cúrám sláinte a bheith saor in aisce. Agus más gá dóibh íoc as rud ar bith, déanfar na costais a aisíoc.

Tá cúrám do mhná atá torrach, agus do bhainistiú leanúnach ar thinneas ainsealach, cosúil le plúchadh, le diaibéiteas nó le hailse clúdaithe chomh maith.

D'fhéadfadh go mbeadh réamhshocruithe de dhíth le teacht ar shéirbhísí speisialta, cosúil le scagdhealú.

Gan an cárta, tá cuairteoirí fós i dteideal córa comhionainne, ach b'fhéidir go mbeidh ar a sholáthraí sláinte sa bhaile teastas sealadach a fhacsáil nó a sheoladh le r-phost.

B'fhéidir go mbeadh orthú na costais a íoc láithreach chomh maith agus éileamh a chur isteach nuair a fhillfidh siad abhaile, ach níl aisíoc iomlán cinnte ar fáil.

Faigh an cárta, tá sé éasca

Tá do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte ar fáil saor in aisce. Téigh i dteagmháil le do sholáthraí sláinte áitiúil maidir le heolas ar an gcaoi is féidir cárta a fháil. Caithfear bheith clúdaithe ag córas slándála sóisialta i dtír amháin de na 31 tír.

Iad siúd a théann ag staidéar nó ag obair go sealadach, mar chuid dá bpost i gceann de na tíortha seo, tá siad clúdaithe chomh maith.

Tá an cárta seo ag nach mór 185 milliún daoine.

Tuilleadh ar chomhordú leasa shóisialta an AE

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links