Cosán nascleanúna

Bearna inscne an phá a dhúnadh - 04/03/2011

Taighdeoir saotharlainne mná © istock/Lise Gagne

Comhartha is ea céad lá um pá comhionann an AE ar thiomantas le hidirdhealú i gcoinne na mban san obair a dhíothú.

Pá comhionann ar obair chomhionann, baineann sé le ceann de bhunphrionsabail an AE, an neamh-idirdhealú. Bíodh gur laghdaíodh an bhearna pá idir fir is mná a bhfuil an obair chéanna ar siúl acu, is mall an dul chun cinn é - ar an meán is lú de 17.5% fós tuilleamh na mban ná tuilleamh na bhfear.

Ar shainchúis a roghnaíodh an 5 Márta mar an lá um pá comhionann. Chun teacht ar chomhthuilleamh le fear, bheadh ar bhean - ar lú de 17.5% a dtuilleann sí - dhá mhí bhreise oibre a dhéanamh - go dtí 5 Márta.

Is ionann an bhearna pá agus idirdhealú is neamhchomhionannas atá fós san ionad oibre, agus is fada a théann a hiarmhairtí. Mar shampla, níos lú pá, sin pinsean níos lú. Dá dheasca sin, tá 22% na mban atá os cionn 65 i mbaol bochtanais i gcomparáid le 16% na bhfear.

Mar fhreagairt ar an idirdhealú sin, déanfaidh an Coimisiún:

  • cláir ionaid oibre a fhorbairt, amhail duaiseanna, gradaim agus ranguithe do chuideachtaí a fheabhsaíonn comhionannas na n-inscní
  • cabhair a thabhairt d'fhostóirí le bearnaí pá gan chúis a aimsiú is a cheartú, trí na huirlisí cuí amhail áireamháin pá inscne a chur ar fáil dóibh
  • fir is mná a spreagadh chun dul isteach i ngairmeacha inar lú a líon,
  • é a éascú d'fhir is do mhná araon a ndualgais oibre-saoil a chothromú,
  • trédhearcacht pá a fheabhsú, fara tionchar na gconarthaí páirtaimseartha agus na gconarthaí ar théarma seasta ar chomhionannas pá.

Fairis sin, tá an AE ag obair chun idirdhealú san ionad oibre a dhíothú - sin an bac inscne a choscann na barrphoist ar mhná.

D'éis cruinnithe le ceannairí gnó an tseachtain seo, sheol an Comisiún slí thoildheonach English do chuideachtaí poiblí lena gheallúint go n-ardóidh siad líon na mban ar a gcuid bord go 30% faoi 2015 agus go 40% faoi 2050.

Tar éis bliana, measúnóidh an AE an dul chun cinn. Mura mbíonn sé sásúil, meáfaidh an Coimisiún céimeanna - dlí ina measc - chun athrú ag an mbarr a bhrú ar aghaidh. Faoi láthair ní mná ach 12% na mball boird sna cuideachtaí Eorpacha is mó.

Leanann gach cur chuige le hidirdhealú a dhíothú straitéis comhionannais inscne an Choimisiúin agus aibhseofar freisin iad Lá Idirnáisiúnta na mBan an 8 Márta.

Breis faoi chomhionannas ionscne

Feachtas na bearna pá

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links