Cosán nascleanúna

Feabhsaíonn cathracha rochtain do dhaoine faoi mhíchumas - 03/12/2010

Fear dall le cána bán © AE

Bronnann an AE duais ar Avila, an Spáinn d'inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn.

Fuair Avila, a bhfuil cáil air as a bhallaí meánaoiseacha agus a iliomad séipéal, an chéad Duais Cathracha Rochtana an AE dá thiomantas chun a bheith níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Is mar chuid de straitéis an AE í an duais bhliantúil sin chun rochtain do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú agus chun a gcearta a chinntiú ar fud an Aontais. Seoladh an duais chun feasacht ar dheacrachtaí a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas i limistéir uirbeacha a mhéadú agus chun cathracha a aithint a bhain roinnt de na bacainní ar a soghluaisteacht.

Bhuaigh Avila, atá suite ar an taobh thiar de Mhaidrid, an duais dá obair chun inrochtaineacht d'fhoirgnimh phoiblí a fheabhsú, a bhí mar thoradh ar phleanáil baile chúramaigh ó 2002 i gcomhar le heagrais daoine faoi mhíchumas is scothaosta. Chuir an chathair dreasachtaí ar fáil don earnáil phríobháideach chomh maith chun bearta ar an dul sin a ghlacadh agus d'fheabhsaigh sé sin rochtain ar nithe is díol spéise do thurasóirí is do phoist do dhaoine faoi mhíchumas.

Ba iad Avila, i dteannta le Barcelona, an Spáinn; Cologne, an Ghearmáin, agus Turku, an Fhionlainn na hiomaitheoirí is fearr don duais, a roghnaíodh as measc na 66 chathair eorpacha a chuir isteach ar an gcomórtas.

Thíolaic an duais sa Bhruiséil mar chuid de Lá Eorpach na nDaoine faoi Mhíchumas, a ceiliúradh le comhdháil dhá lá, a chríochnaigh an 3 Nollaig.

Bhí comhaitheantas cártaí míchumais náisiúnta, an cumas chun staidéar agus obair a dhéanamh thar lear, scéimeanna leasa shóisialta, agus rochtain ar ghníomhaíochtaí fóillíochta is cultúir i measc na n-ábhar a pléadh.

Is í inrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas ceann de phríomhsprioc Straitéis Míchumais na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska do 2010-2020, a glacadh i Samhain 2010.

I measc moltaí eile, tugtar breac-chuntas sa straitéis ar ghníomhuithe chun rochtain do dhaoine faoi mhíchumas ar fhoirgnimh, ar iompar agus ar sheirbhísí eile, agus ar theicneolaíochtaí cumarsáide is faisnéise a chur chun cinn.

Tá míchumas, bíodh sé trom nó éadrom, ag timpeall 80 milliún daoine a bhfuil cónaí orthu san AE. Bíonn siad i mbaol eisiaimh shóisialta de thoradh na mbacainní fisiceacha a bhíonn os a gcomhair, ar nós dul ar scoil nó ag obair. De dheasca leibhéil oideachais agus fhostaíochta níos ísle, bíonn ráta bochtanais 70% níos airde ná an meán ag lucht an mhíchumais.

Breis faoi bheartais mhíchumais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links