Cosán nascleanúna

Seolann AE plé faoi phinsin feasta - 07/07/2010

Tá córais na bpinsean faoi bhrú ó dhaonra ag dul in aois is ón ngéarchéim gheilleagrach. Tugann tuarascáil nua AE roghanna beartais agus iarrann aiseolas.

Faoi láthair san AE tá ceathrar in aois oibre (15-64) in aghaidh gach duine atá 65 nó thairis. Faoi 2060 ní bheidh ach beirt. Do rialtais an AE, dúshlán dúbailte is ea crapadh an daonra atá in aois oibre: níos lú ioncaim do phinsin phoiblí agus níos mó daoine ar scor lena gcothú.

Chuir an ghéarchéim gheilleagrach leis an mbrú, ag teanntú an airgeadais phoiblí is ag ísliú luach an iliomad ciste scoir príobháideacha. Tá 73% na nEorpach anois ag dréim le pinsin laghdaithe, le hoibriú níos sia nó go mbeidh orthu níos mó a choigilt. Tá inmí ar 54% go mbeidh siad bocht ina seanaois.

I bpáipéar a foilsíodh inniu, iniúchann an Coimisiún roghanna chun córais pinsean a choimeád slán. I measca na moltaí tá daoine a spreagadh le fanacht níos sia i margadh na bpost nó deiseanna nua post i dtíortha eile san AE a thairbhiú; an margadh Eorpach a oscailt do bhreis cineálacha plean pinsean nó cabhrú le daoine chun roghanna eolacha faoina n-ioncam scoir a dhéanamh.

Tugtar cuireadh don phobal tuairimí a thabhairt faoi na ceisteanna a phléitear sa pháipéar. An 15 Samhain an sprioc chun freagairt.

Breis faoi thodhchaí na bpinsean san AE English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links