Cosán nascleanúna

Romaigh: an ciorcal lochtach a bhriseadh - 08/04/2010

Roinnt Romach ag fáil breisoideachais i seomra ranga ©EU

Iarratas ar na Ballstáit an maoiniú AE atá ar fáil a úsáid níos éifeachtaí ar son imeascadh sóisialta na Romach.

Le méadú soir an AE sna blianta 2004 agus 2007 tháinig méadú ollmhór ar líon na Romach atá ina gcónaí san Aontas. Inniu meastar go bhfuil 10-12 milliún duine sna pobail Romacha agus dá bhrí sin is iad an mionlach eitneach is mó san Aontas Eorpach iad.

I mbochtanas ar imeall na sochaí atá cónaí ar fhormhór na Romach. Is beag deis ar oideachas, ar phoist nó ar chúram leighis a bhíonn acu - ciorcal lochtach ar rídheacair briseadh tríd.

Mar sin, tá clár nua ag an gCoimisiún Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna is tábhachtaí a bhaineann le himeascadh na Romach. Tá maoiniú AE chun na críche sin ar fáil, is ba cheart go mbainfeadh na Ballstáit breis úsáide as.

Is é Ciste Sóisialta na hEorpa an uirlis is tábhachtaí, agus tá thart ar €12 billiún ann, arb ionann é agus timpeall 10 % de bhuiséad iomlán an AE. Tacaítear le tionscadail a fheabhsaíonn comhtháthú sóisialta an Aontais.

Ag dara cruinniú mullaigh na Romach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , atá ar siúl in Córdoba na Spáinne inniu, Lá Idirnáisiúnta na Romach, agus amárach, pléifear ar baineadh amach go dtí seo chomh maith le straitéis nua an Choimisiúin.

Rannpháirteach sa chomhdháil tá ionadaithe ó institiúidí an AE, ó na Ballstáit, ó eagrais na sochaí sibhialta agus ó chumainn na Romach. Thairis sin, tá súil le Stiúrthóir an Bhainc Dhomhanda, Theodore Ahlers, agus leis an mbaincéir infheistíochta agus is daonchara, George Soros.

Téama eile a phléifear is ea iarrachtaí an mBallstát chun rialacha an AE i gcoinne an idirdhealaithe is an chiníochas a thrashuíomh ina gcuid reachtaíochta náisiúnta. Chuir an Coimisiún an dlí ar 24 tír AE nach raibh ag comhlíonadh a gcuid dualgas sa réimse sin. Tá 12 de na próisis sin ar siúl fós.

Tá suirbhé a rinne Ghníomhaireacht Bhunchearta an AE English in 2009 a léiríonn tábhacht lárnach na gné sin: Dúirt breis is leath na Romach a ceistíodh gur deineadh idirdhealú ina n-aghaidh le linn na bliana roimhe sin.

An AE agus na Romaigh българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links