Cosán nascleanúna

Comhdháil a dhíríonn aird ar thionscadail AE-mhaoinithe chun saol na Romach a fheabhsú.

Ag an Spáinn atá ceann de na pobail Romach is mó san AE, thart ar 700, 000 agus, ar nós áiteanna eile san Eoraip, bíonn ardleibhéil leatroma, bochtanais agus dífhostaíochta ag cur as dóibh de shíor.

In 2000, chomh-mhaoinigh an AE an tionscadal Acceder (Rochtain) le cabhrú le daoine dífhostaithe sa Spáinn obair a fháil trí oiliúint gairme a oiriúnú do riachtanais na bhfostóirí. Faoi Mheitheamh 2009, bhí poist faighte tríd an gclár sin ag beagnach 34, 000 duine, Romaigh a bhformhór.

Ní raibh sa sampla Spáinneach ach ceann amháin de 30 tionscadal a thaispeántar ag comhdháil a d'eagraigh an AE българскиčeštinaDeutschEnglishespañolfrançaisitalianomagyarportuguêsRomânaslovenčina faoi iarrachtaí chun cabhrú leis na Romaigh ar éirigh leo. I measc an 500 a tháinig bhí lucht déanta beartas ó leibhéil éagsúla rialtais. Bhí fúthu teacht ar dhea-chleachtais i dtionscadal do Romaigh a mhaoinigh an AE agus slite a fháil chun an t-eolas sin a scaipeanna ar scoileanna, ar ENRanna agus ar chuideachtaí.

Meastar go bhfuil 10-12 milliún Romach ina gcónaí san AE; ceann de na mionlaigh eitneacha is mó san Eoraip iad. Ar imeall na sochaí go beo bocht atá cónaí ar an tromlach, agus is beag rochtain acu ar phoist, ar oideachas nó ar chúram sláinte.

Is fada an AE ag tacú le ballstáit ina gcuid iarrachtaí teacht ar bheartais Romach éifeachtacha. Eagraíodh an chomhdháil Romach mar chuid den bhliain Eorpach chun bochtanas is eisiamh sóisialta a chomhrac. Pléifear na torthaí ag dara cruinniú mullaigh na Romach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska in Aibreán.

Cabhair AE do na Romaigh българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links