Cosán nascleanúna

Pá comhionann do mhná - níl fós - 05/03/2010

Méadaíonn Coimisiún iarrachtaí chun an bhearna pá a laghdú

Is lú de 18% a dtuilleann mná ná fir san AE - bearna nár laghdaigh ach ar éigean le 15 bliain anuas agus a mhéadaigh, fiú, i roinnt tíortha.

Ní hamháin go bhfuil an difríocht tuarastail míchothrom do mhná, ach tá sé ag cur isteach ar an bhfás geilleagrach, arsa Viviane Reding DeutschEnglishfrançais, an Coimisinéir nua do cheartas is do bhunchearta. I ngeall ar a dhaonra atá ag dul in aois, is gá mná don AE chun a lucht saothair a mhéadú.

"In aimsir seo na géarchéime, costas is ea bearna pá na n-inscní nach acmhainn don Eoraip a sheasamh," ar sise, agus í leis an Uachtarán Barroso ag preasócáid roimh lá idirnáisiúnta na mban an 8 Márta.

Gheall sí feasacht a ardú i measc na bhfostóirí, comhionannas inscne a chothú sa láthair oibre agus tacú le forbairt uirlisí chun an bhearna a thomhas. B'fhéidir go gcuirfí pionóis níos déine ar fhostóirí, ar sise.

Dúirt an tUasal Barroso go mbeidh ardtosaíocht ag mná le linn a dhara téarma, is go gcuirfidh gach beartas sna cúig bliana romhainn ceisteanna inscne san áireamh. Leag sé amach cúig réimse don ghníomhú, ina measc na margaí saothair, róil sa chinnteoireacht, foréigin inscne agus caidreamh eachtrach. Beidh ‘cairt na mban' Deutsch (de) English (en) français (fr) português (pt) mar bhonn do straitéis nua AE a chuirfear i láthair isteach níos déanaí i mbliana.

Thaispeáin suirbhé nua AE pdf - 2 MB [2 MB] English (en) go dtacaíonn 80% na nEorpach le gníomhú práinneach faoin mbearna, lenar dtuigtear an mheán-difríocht sa phá in aghaidh an uair an chloig idir fir is mná sa gheilleagar ina iomláine. In airgead tirim, ní thuilleann mná ach 82 ceint in aghaidh gach euro a thuilleann fir.

Agus é éagsúil ó thír go tír, bíonn an tomhas faoi thionchar phátrúin éagsúla oibre na bhfear is na mban, amhail a gcoibhnis i ngairmeacha éagsúla, a bhfad ama i bpoist agus an oibríonn siad go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.

Ní gá go léireodh sé difríochtaí i rátaí pá do phoist inchomparáide. Déanta na fírinne, taispeánann staidéir AE gur tháinig meath ar idirdhealú díreach le blianta beaga anuas. Dar leo, is iad traidisiúin, buanchruthanna agus fadhbanna an saol oibre is an saol príobháideach a chothromú faoi deara an tuilleamh letaobhach.

Tá líon na mban Eorpach sa lucht saothair ag ardú agus is mná iad beagnach 60% na gcéimithe nua ollscoile anois. Ach is lú na poist freagrachta a bhíonn ag mná ná ag fir agus is minice i ngairmeacha le teacht isteach níos lú iad.

Breis faoi staid na mban is na bhfear san AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links