Cosán nascleanúna

A Cuidiú na mboicht sa bhaile - 31/12/2009

Lógó na bliana Eorpaí do chomhrac na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta © EC

2010 - Bliain Eorpach do chomhrac na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta.

Deich mbliain ó shin, gheall ceannairí deireadh a chur leis an mbochtaineacht san AE faoi 2010. De réir mar atá an spriocdháta sin ag druidim linn, tá an sprioc i bhfad uainn fós.

Ní bhaineann an bhochtaineacht le tíortha i mbeal forbartha amhain, ach is meath í ar shochaí na hEorpa freisin. Ceist chasta í an bhochtaineacht, cuireann sí cosc ar dhaoine saoil a bhaint amach dóibh féin de chineál a nglacann an chuid eile dínn leis mar ghnáth rud. Is minic a n-eascraíonn sé ó chúiseanna éagsúla amhail droch-oideachas, andúil nó díothacht le linn na hóige mar aon le easpa rochtana ar acmhainní cultúrtha, sóisialta agus ábhartha.

San AE, meastar go bhfuil duine bocht má tá a ioncaim níos ísle ná 60% den meántuarastal sa tír ina chonaíonn an duine sin. De réir an sainmhíniú seo, tá beagnach 80 milliún Eorpach - níos mó ná 15% den daonra - ag maireachtáil ag tairseach na bochtaineachta nó fúithi. Maireann Eorpach amháin as gach deichniúr i dteaglach nach bhfuil éinne ag obair ann, agus ní féidir le 8% d'Eorpaigh éalú ón mbochtaineacht in ainneoin post a bheith acu.

Ach mar sin féin, níl an cás gan dóchas. Luach príomha de chuid na hEorpa is ea an dlúthpháirtíocht. Dá réir sin, dhearbhaigh an AE 2010 an bhliain do chomhrac na bochtaine agus an eisiamh shóisialta българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska . I measc na dtionscnaimh agus na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, beidh cruinniú ann a thabharfaidh le chéile daoine ar fud na hEorpa a mhaireann sa bhochtaineacht (i mí na Bealtaine) agus beidh díospóireacht chomhchéime (i mí Dheireadh Fómhair). Ina theannta sin, beidh a clár féin ag gach tír san AE - a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna ar leith.

Bhí deireadh a chur leis an mbochtaineacht ina phríomhchuspóirí sa phlean i gcomhair fáis agus post English , (Straitéis Liospóin), a ghlac na Ballstáit in 2000. Táthar ag súil leis go bhfaighfear an spreagadh is gá as feachtas bliana Eorpaí chun an comhrac i gcoinne na bochtaineachta a choiméad mar thosaíocht, agus na mianta sin a iompú ina bhfiricí.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links