Cosán nascleanúna

Fear gnó is páipéar á léamh aige ©EC

Agus an geilleagar ag téarnamh, beidh ar thíortha an AE deireadh a chur le bearta géarchéime. Cathain, sin an cheist!

Scrios an cúlú is measa ó Chogadh Domhanda II 4 mhilliún post cheana féin, poist a cruthaíodh san Eoraip le deich mbliana anuas. Agus leis an dífhostaíocht fós ag ardú – bíodh sin ag ráta níos moille – meastar go sroichfidh sí 7.5 milliún faoi dheireadh 2010.

Ach d'fhéadfadh na caillteanais a bheith i bhfad níos measa. Deir tuarascáil de chuid an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a eisíodh inniu nach raibh ardú na dífhostaíochta chomh crochta lena mbeifí ag súil i bhfianaise thitim na táirgeachta. Maíonn an tuarascáil gur bearta géarchéime i dteannta na tacaíochta airgeadais ón AE faoi deara an tionchar ar na margaí saothair a mhaolú.

Nuair a leath an ghéarchéim gheilleagrach thar an Eoraip, ghlac formhór na dtíortha le bearta chun olldífhostaíocht a sheachaint. Leathnaigh cuid acu na córais leasa shóisialta do bhreis daoine dífhostaithe agus chuir siad teorainn le tuarastail, go háirithe d'fhostaithe poiblí. Agus mhéadaigh a lán acu taca airgeadais do scéimeanna a mhisníonn gnóthais chun laghdú ar uaireanta oibre a cheadú seachas fostaithe a bhriseadh.

Deir an tuarascáil gur shábháil bearta mar sin na deicheanna de mhílte post. Ach bhí siad ceaptha le bheith sealadach. Anois agus an geilleagar ag téarnamh, deir an Coimisiún go bhféadfaidís an fás geilleagrach a lagú agus fad a chur leis an dífhostaíocht.

Deir an tuarascáil gur chóir do thíortha na ngeillegar is treise tús a chur le maolú ar na fóirdheontais post is ar scéimeanna eile chun oibrithe a chosaint agus dul ar aghaidh le leasuithe fadtéarmacha chun na margaí saothair a dhéanamh níos solúbtha is níos daingne.

Ach cad faoi na tíortha nach bhfuil an t-ionchas chomh geal iontu - go háirithe iadsan a d'ardaigh a n-easnaimh buiséid is iad ag féachaint le tacú lena ngeilleagair? Molann an Coimisiún dóibh díriú ar phoist a chruthú seachas ar phoist a chosaint, ionas nach rófhada a bheidh lucht dífhostaithe neamhghníomhach. Cuireann sé leis sin, ámh, gur chuí do na tíortha inar troime na caillteanais post dá gcoinnídis na bearta sin i bhfeidhm fós.

Rachaidh an tuarascáil chuig airí saothair na hEorpa anois, mar chuid den ullmhúchán do phlean nua post is fáis don AE uile. Rachaidh an ceann roimhe sin, 'Straitéis Liospóin', as feidhm in 2010.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links