Cosán nascleanúna

Deir 16% d'Eorpaigh go ndearnadh idirdhealú orthu - 10/11/2009

Oibrí miotail i gcathaoir rothaí © EC

Aoiseachas ag fás mar fhadhb - dar le formhór na nEorpach

Mhéadaigh an cúlú an tuairim san Eoraip go dtig le haois bheith ina míbhuntáiste i margadh na bpost, dar leis an suirbhé AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska is déanaí faoin idirdhealú.

Measann 58% d'Eorpaigh gur fadhb fhairsing ina dtír féin an t-idirdhealú de dheasca aoise, i gcomparáid le 42% bliain ó shin. Is mó fós – 64% – a cheapann go méadóidh a leithéid de leatrom ar oibrithe na hEorpa de dheasca na lagtrá geilleagraí.

Níor fhéach an suirbhé lena dhéanamh amach, ámh, ar measadh spriocanna an idirdhealaithe a bheith ró-óg nó ró-aosta. Áitíonn sé gur leibhéal ard dífhostaíochta i measc na n-óg is cúis leis an athrú i dtuairim an phobail ach tugann sé faoi deara gur dóichí gur daoine os cionn 40 is mó a ghearánfaidh faoi idirdhealú aoise.

Ar feadh coicíse i mBealtaine is i Meitheamh a reáchtáladh an suirbhé Englishfrançais . Ceistíodh beagnach 27 000 duine i 27 tír an AE agus i 3 bhall ionchasacha – an Chróit, poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine agus an Tuirc. Sé chineál idirdhealaithe a breithníodh: eitneach, inscne, aois, míchumas, claonadh gnéis agus reiligiún.

B'ionann an t-athrú i dtuairim an phobail faoi leatrom ar dhaoine faoi mhíchumas. I suirbhé anuraidh, mheas formhór na bhfreagróirí gur rud annamh an cineál leatroim sin. Anois tá sé fairsing, dar leis an tromlach - agus is measa a bheidh sé de dheasca ráta na dífhostaíochta, atá ag méadú fós.

Mar sin féin, níor tháinig aon athrú ar líon na ndaoine ar caitheadh go míchothrom leo féin le bliain anuas - is cuma cad ba chúis leis - agus d'fhan sé ag 16%.

B'fhíor sin freisin nuair a miondealaíodh an t-idirdhealú de réir cineáil. Mar shampla, níor mhéadaigh taithí phearsanta ar idirdhealú aoise nó inscne.

An t-idirdhealú i gcoinne grúpaí eitneacha an fhadhb is mó a fheictear fós, le 61% a luannn gur minic ina dtír féin é, thart ar leibhéal na bliana anuraidh. Ach anois ní fada faoina bhun an t-idirdhealú aoise (58%).

Meastar go bpléifear torthaí an tsuirbhé ag cruinniú mullaigh Eorpach faoin gcomhionannas българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska in Stócólm an tseachtain seo chugainn.

Is in 2006 a thosaigh an tAE ag rianú tuairimí an phobail faoin idirdhealú, mar chuid d'fheachtas chun daoine a dhéanamh feasach faoina gcearta. Léirigh an suirbhé is déanaí nach eol ach do dhuine as gach triúr Eorpach a gcearta sa réimse sin.

Breis faoin idirdhealú a rianú san AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links