Cosán nascleanúna

Comhionannas in aimsir géarchéime - 16/06/2009

Tá baol ann gur measa a bhuailfidh an cúlú mná ná fir, dar le staidéar AE, a tharraingíonn aird ar neamhionannais leanúnacha idir an dá ghnéas i margadh saothair na hEorpa.

Cheana féin sa deashaol, ba choitianta an dífhostaíocht is an bhochtaineacht i measc na mban ná i measc na bhfear. Cuid dá chúis sin is ea go n-oibríonn a lán ban - thart ar thrian acu - go páirtaimseartha, agus ar chonarthaí sealadacha, rud a bhaineann an bonn óna gcinnteacht ar phost. Is lú na poist freagrachta a bhíonn ag mná agus is minice i ngairmeacha le teacht isteach níos lú iad.

"Is dóichí gur mná seachas fir a bheidh thíos leis an gcúlú geilleagrach óir is minice mná i bpoist neamhbhuana," a léitear sa tuarascáil.

Bhí an Coimisiún mar óstach ar chomhdháil English an tseachain seo faoi thionchar na lagtrá ar mhná.

Tá céimeanna chun tosaigh glactha ag an AE leis na blianta anuas, ag glacadh le reachtaíocht faoi chóir chothrom българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska is ag tabhairt isteach beart chun tacú le mná. Ach is fadhb fós sa láthair oibre an t-idirdhealú.

Agus is mó fós de fhreagrachtaí na bpáistí a bhíonn ar mhná ná ar fhir, agus is minic nach mór dóibh uaireanta oibre a laghdú agus iad ina máithreacha. Tá athruithe á moladh ag an AE freisin i ndlíthe atá ann cheana chun cabhrú le tuismitheoiri teacht ar chothromaíocht idir shaol na hoibre is an teaghlaigh.

Chaill an geilleagar breis is 4 mhilliún post ó Aibreán 2008. Ar dtús ba iad tionscail na bhfear - amhail airgeadas, tógáil is monaraíocht - a bhí thíos leis.. Ach tá an dífhostaíocht d'éis leathnú i bhfad thar na hearnálacha sin.

Laghdaigh earnáil na seirbhísí, ina bhfuil dhá thrian de phoist an gheilleagair Eorpaigh, a líon saothair. . Mná is ea thart ar leath na ndaoine atá fostaithe sna seirbhísí, ina measc 60% sa mhiondíol. Sa Ghearmáin, tá eagla a bpost ar na mílte ban d'éis d'Arcandor, úinéir an tslabhra stór ilrannach Karstadt, féimheacht a iarraidh.

Don am i láthair, d'aisiompaigh an cúlú an bhearna stairiúil idir mná agus fir, le ráta dífhostaíochta na bhfear ag tosú ag dul thar ráta na mban don chéad uair. Ach ní mór atá ráta dífhostaíochta na mban san AE (8.5% in Aibreán 2009) faoi bhun ráta na bhfear (8.6%). Sa limistéar euro, is airde do mhná (9.4%) é ná d'fhir (8.9%).

Fairis sin, aibhsíonn an trarascáil an bhearna sa phá. Tuilleann mná ar fud an AE 17.4% ar an meán níos lú ná fir in aghaidh gach uair an chloig a oibríonn siad. Ach fós tá líon na mban atá ag obair ag méadú agus is mná iad 59% de na céimithe ollscoile nua go léir.

 

Breis faoi chomhionannas idir mná agus fir san AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Feachtas na bearna pá inscne българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links