Cosán nascleanúna

Réamhradharc ar straitéis jabanna an AE - 03/06/2009

Fear óg ag obair ar ríomhaire ©EU

Tá faoin gCoimisiún €19bn i gcistí leithdháilte a shaoradh chun dífhostaíocht a throid le linn an chúlaithe.

I bplean gníomhaíochta do phoist atá an togra, a iarrann €500m micri-chreidmheasa - iasachtaí an-bheaga - freisin do thionscnaimh agus breis cúrsaí oiliúna don óige. Meastar go mbreithneoidh ceannairí an AE an plean ag cruinniú an Mheithimh.

Is ón gciste sóisialta българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska, clár an AE chun tacú le fostaíocht is chun difríochtaí sna caighdeáin mhaireachtála a laghdú, a thiocfadh an €19bn. Don tréimhse 2007-13, leithdháil an tAE €77bn don chiste – timpeall 10% dá bhuiséad iomlán. Agus an dífhostaíocht ag éirí, is mian leis an gCoimisiún dlús a chur le maoiniú chun cabhrú de daoine atá ag fulaingt ón gcúlú. Fairis sin, molann sé deireadh a chur leis an ngnáth-riachtanas go gcuirfeadh na ballstáit AE féin cuid de mhaoiniú ar fáil.

Thabharfaí na réamhíocaíochtaí chun oibrithe a athoiliúint, chun cabhrú leo chun poist a lorg is chun a ngnó féin a thionscnamh. D'fheadfadh rialtais an t-airgead a úsáid mar chúiteamh d'oibrithe as obair "ghearrthéarmach" - an caillteanas tuarastail nuair a laghdaíonn fostóirí uaireanta oibre na n-oibrithe, le feo na n-orduithe ceannaigh. Tá cuid mhaith tíortha AE a fhóirdheonaíonn obair ghearrthéarmach, chun na céadta mílte oibrithe a choimeád ina bpoist le linn lagtránna.

Le cabhair ón mBanc Eorpach Infheistíochta, molann an Coimisiún go mbunófaí clár €500m chun iasachtaí bídeacha Deutsch (de) English (en) français (fr) a thabhairt do dhaoine chun a ngnó féin a thionscnamh. Dhéanfaí thart ar €100m i gcistí an AE a athdháileadh chun na saoráide micri-chreidmheasa nua.

Chun cabhrú leis an óige chun teannta i margadh na bpost a fháil, tá an Coimisiún ag lorg tiomantas tras-AE ó chuideachtaí chun 5 mhilliún printíseach nó ábhar oiliúna a thógáil ar láimh. Tá leibhéal 17% sroichte ag dífhostaíocht na nEorpach atá faoi bhun 25 – breis is dhá uair an ráta iomláin.

Éilíonn an plean cabhair láithreach do dhaoine dífhostaithe, ag aithint dó gur deacra post a fháil dá fhad is atá duine gan phost. Ba cheart go bhfaigheadh daoine dífhostaithe oiliúint nó post eile laistigh de thrí mhí ón uair a leagadh as iad - dhá mhí má táid faoi bhun 25 is ceann amháin má táid faoi bhun 20.

Seo an cúlú is measa san AE leis na cianta Cairbreacha. Meastar go mbraithfear tionchar na i-iarrachtaí spreagtha airgeadaíochta is fioscacha an bhliain seo chugainn - tar éis don gheilleagar thart ar 8.5 post a chailliúint. Is cosúil go n-ardóidh an dífhostaíocht i limistéar an euro go 11.5% faoi dheireadh 2010 – an leibhéal is airde ó aimsir Chogadh Domhanda II.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links