Cosán nascleanúna

Bíonn mór-thionchar ag gníomhaíochtaí AE ar cheisteanna atá tábhachtach do mhná.

Tuilleann mná ar fud an AE 17.4% ar an meán níos lú ná fir, de réir staidrimh nua AE, a nochtadh mar chuid d'fheachtas chun an bhearna pá idir an dá ghnéas a laghdú.

Dar leis an tuarascáil българскиceštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovencinaslovenšcinasuomisvenska is iad traidisiúin, buanchruthanna agus fadhbanna cothromaíochta idir an obair is an saol príobháideach faoi deara an neamhionannas. Tá líon na mban Eorpach sa lucht saothair ag ardú agus is mná iad 59% de na céimithe nua ollscoile uile. Ach is lú na poist le freagracht a bhíonn acu ná ag fir agus is minicí i ngairmeacha ar bheagán teacht isteach iad.

"Is dóichí gur mná níos mó ná fir a bheidh thíos leis an gcúlú geilleagrach, óir is minicí mná i bpoist neamhbhuana," adeir an tuarascáil.

Tá faoin bh feachtas comhionannais pá българскиceštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovencinaslovenšcinasuomisvenska feasacht a ardú faoin mbearna pá agus conas tabhairt fúithi. Seoladh an 3 Márta é, roimh lá idirnáisiúnta na mban, leanfaidh sé go Lúnasa agus cuimseoidh sé trealamh eolais d'fhostóirí is do cheardchumainn, suíomh gréasáin, póstaeirí agus fógraí.

Agus a dhaonra ag dul in aois, is gá mná don AE chun linn na n-oibrithe a mhéadú, go háirithe i dteicneolaíocht na faisnéise. Meastar go mbeidh ganntanas 300,000 innealtóir cáilithe in earnáil TF na hEorpa faoin mbliain seo chugainn, agus is lú ná duine as cúigear líon na mbaneolaithe ríomhaire san Eoraip.

An mhí seo shínigh cúig chuideachta TF iomráiteacha - Alcatel-Lucent, IMEC, Orange-France, Microsoft agus Motorola - comhaontú chun teic-phoist a dhéanamh níos tarraingtí do mhná. An tAE a chaibidligh an pacáiste, mar chuid de dhreasú an Choimisiúin English chun breis "cibearaíonaí" a aomadh chuig an tionscal. Molann coimisinéir na teileachumarsáide Viviane Reding do chuideachtaí eile a sampla a leanúint.

I ndáil le lá idirnáisiúnta na mban, déanann an tAE urraíocht freisin ar chomórtas líníochta Englishfrançais do pháistí faoi chothrom na Féinne idir fir is mná. Dáilfear na líníochtaí a bhuaigh ar scoileanna i leabhrán.

Agus na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl i mí an Mheithimh i mbliana, sheol an coimisinéir Margot Wallström plé ar líne faoi mhná sa pholaitíocht English .

Breis eolais faoi staid na mban is na bhfear san AE българскиceštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovencinaslovenšcinasuomisvenska

Breis faoi chabhrú le mná ar fud an domhain Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links