Cosán nascleanúna

An eol duit cad a dhéanfadh an Eoraip shóisialta duitse? - 19/02/2009

Gníomhaí sorcais at tí a lámhachta as canóin © EC

Ardóidh an feachtas sorcais feasacht faoi bheartais shóisialta an AE i 2009.

Tá oibrithe is lucht iarrtha post ar fud na hEorpa ina measc siúd a bhaineann leas gach lá as raon leathan beartas an AE um fhostaíocht, um chomhdheiseanna agus sóisialta.

I dtairseach post EURES, mar shampla, tá treoir do dhaoine ar mian leo dul ag obair i dtír Eorpach eile. Gach bliain, íocann airgead ó Chiste Sóisialta na hEorpa as naoi milliún duine chun a gcuid scileanna a uasghrádú is a n-ionchais ar phoist a mhéadú. Cabhraíonn beartais eile chun tionóiscí oibre a laghdú, tabhairt faoi bhochtanas, a chinntiú go bhfanann córais phinsin infheidhme is tacú le comhdheiseanna. I ndeireadh na dála, tá an tAE ag obair le rialtais náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an chúlaithe faoi láthair go sóisialta is ar an margadh saothair.

Sheol an tAE feachtas български?eštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvi? kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânasloven?inaslovenš?inasuomisvenska le déanaí chun feasacht faoi na beartais an-phraiticiúla sin a ardú. Úsáideann sé sraith póstaeirí feiceálacha, gríosaitheacha le híomhánna sorcais chun naoi réimse éagsúla de ghníomhaíocht an AE a léiriú. Leanann móitíf seo an tsorcais i sraith cartún beoite, chomh maith le himeachtaí ar fud na hEorpa i 2009. Tar éis gur éirigh chomh maith sin leis sa Chipir is i Málta, beidh 'feachtas sorcais' an AE ar cuairt ar na bailte seo a leanas:

An Bhratasláiv - Márta 2009

Marseilles - Márta 2009

Prág - Márta 2009

Wrexham - Aibreán 2009

Thessaloniki - Bealtaine 2009

Liospóin - Bealtaine 2009

Páras - Bealtaine 2009

Tabharfaidh an feachtas le chéile comhpháirtithe áitiúla i bpubaill shorcais ag imeachtaí áitiúla amhail aonaigh jabanna, dámh nua ollscoile a oscailt agus Lá na hEorpa a cheiliúradh. Sa tSlóivéín taispeánfar póstaeirí an fheachtais ar bhusanna i rith na bliana ar fad.

Leatháin fíricí - cad a thig le cláir shóisialta na hEorpa a dhéanamh duitse български?eštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvi? kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânasloven?inaslovenš?inasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links