Cosán nascleanúna

Comórtas na bpeann ar son an cheartais - 06/02/2009

Bratach ón bhfeachtas i gcoinne an leithcheala atá ar cheanncheathrú an Choimisiúin

Beirt iriseoirí, Francach is Danmhargach a bhuaigh an chéad duais sa chomórtas do 2008 "Ar son na héagsúlachta, i gcoinne an leithcheala", a d'eagraigh an Coimisiún Eorpach.

Glacadh le do homaghnéasacht i ndomhan an-fhearaíoch na peile, tiontú ar Ioslam agus bheith i do choimhthíoch i do thír féin, snámh in aghaidh easa sa staidreamh agus dul chun cinn sa saol d'ainneoin do thuismíochta: is iomaí saghas leithcheala ann agus is minic na nuachtáin ag scríobh fúthu. As measc na 545 alt sa chomórtas i mbliana, fuair beirt iriseoirí an chéad duais bonn ar aon: an Francach Pascale Krémer dá halt "Homafóibe is peil: ceacht Chooz" (Le Monde) agus an Danmhargach Ole Hall do "Údar buartha is ea na Muslamaigh Dhanmhargacha" (Morgenavisen Jyllands-Posten).

Iriseoirí Portaingéalacha Christiana Martins agus Marisa Antunes a fuair an tríú duais do "An Scothaicme is an ciníochas" (Expresso). Bronnadh duais ar leith ar an iriseoir Gréagach Mika Kontourousi dá halt "Briseann Yuzyan teorainneacha a fine" (Eleftheros Tipos), cur síos ar bhean rómach a dhéanann iarracht briseadh amach as an ról ina bhfuil sí sáinnithe ag a fine is ag an tsochaí.

Tá an comórtas iriseoireachta mar cheann de phríomh-ghníomhaíochtaí an fheachtais "Ar son na héagsúlachta, i gcoinne an leithcheala" българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , a seoladh i 2003 agus a mhaoinigh an clár Eorpach Forás българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska . Tugann sé aitheantas d'iriseoirí an phreasa scríofa agus ar líne a tharraingíonn aird a léitheoirí ar an gclaontacht, ar an obadh is ar an leithcheal a fhulaingíonn saoránaigh rómhinic i ngeall ar a dtuismíocht, ar a reiligiún, ar a n-aois, ar a ngnéas, ar a gcis nó ar a gclaonadh gnéis.

Ar iriseoir Portaingéalach, Maria Do Céu Neves, a bronnadh duais an chomórtais i 2007. Ina halt "Portaingéalaigh rannpháirteach i saghas nua sclábhaíochta san Eoraip"(Diário de Noticias), bhí sé de mhisneach aici trí seachtaine a chaitheamh ag obair go crua i dteannta na n-oibrithe sealadacha Portaingéalacha a bhí ag saothrú na dtrátaí sna tithe teo san Ísiltír

Múineann a taithí dúinn gur tapúla a athraíonn meon na ndaoine ná an dlí uaireanta. Cé go raibh tionchar mór ag a cuid oibre sa Phortaingéil, is gur taispeánadh ar teilifís go minic í, níor thug sé na hathruithe reachtaíochta a bhí uaithi fós, ionas go bhféadfadh na hoibrithe imirceacha, mar shampla, conradh a shíniú ina dteanga féin. Mar sin féin, tá súil ag Maria gur thug sí rabhadh do dhaoine atá ag smaoineamh ar imirce faoin dúshaothrú atá ag bagairt orthu.

Troid i gcoinne an leithcheala българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links